D'fhéach sé suas agus b'shiúd triúr fear ina seasamh ina chóngar. Chomh luath agus a chonaic sé iad, rith sé ó bhéal na botha ina gcoinne agus shléacht go talamh rompu.
Shroich an dá aingeal Sodom an tráthnóna sin, agus bhí Lót ina shuí ag geata Shodom. Nuair a chonaic Lót iad, d'éirigh sé chun bualadh leo agus shléacht go talamh rompu.
Ba é Iósaef a bhí i gceannas ar an tír agus is é a bhí ag díol le gach a dtáinig. Agus tháinig deartháireacha Iósaef agus shléachtadar síos go talamh dó.
Chonaic bráithreachas na bhfáithe (in Ireachó) uathu é, agus dúradar: “Tá spiorad Éilias luite ar Eilíseá,” agus thángadar ina araicis agus chromadar chun talún ina láthair.
Nuair a bhí Iósua i ngar do Ireachó, d'ardaigh sé a shúile, chonaic fear ina sheasamh ansiúd os a chomhair, agus claíomh nocht ina láimh aige. Shiúil Iósua ina threo agus dúirt leis: “An ar ár dtaobhna atá tú, nó ar thaobh ár naimhde?”
Ansin shléacht Rút roimhe agus chrom go talamh, á rá: “Cad chuige duit a bheith chomh lách liom agus a leithéid de chúram a dhéanamh díom agus gan ionam ach strainséir?”