Agus tabharfaidh mé duitse agus do do shliocht i do dhiaidh tír do dheoraíochta, tír Chanán go léir, i do sheilbh go brách agus beidh mé féin i mo Dhia acu.”
Glacfaidh mé chugam féin sibh mar phobal liom agus beidh mise agaibh mar Dhia. Beidh a fhios agaibh ansin gur mise an Tiarna bhur nDia, a d'fhuascail sibh ó ualaí na nÉigipteach.
Thaispeáin an Tiarna é féin d'Abrám agus dúirt: “Is do do shíolsa a thabharfaidh mé an tír seo.” Ansin rinne sé altóir don Tiarna a thaispeáin é féin dó.
le pobal leis féin a dhéanamh díot inniu, agus Dia a dhéanamh de féin duit, faoi mar a gheall sé duit féin agus a mhionnaigh sé do d'aithreacha d'Abrahám, d'Íosác, agus do Iacób.
Agus tá an dearbhú seo déanta fútsa inniu ag an Tiarna: go mbeidh tú aige mar phobal ar leith leis féin, faoi mar a gheall sé duit, ach ar choinníoll go gcoimeádfaidh tú a aitheanta go léir;
De bhrí gurbh ansa leis do shinsir agus gur thogh sé sliocht ina ndiaidh, agus gur thug sé as an Éigipt amach thú, gan ceilt ar a láthar na ar a mhórchumhacht,
Go gcuire sé beannacht Abrahám ort féin agus ar do shliocht i do theannta i dtreo go bhfaighidh tú seilbh ar an bhfearann ina bhfuil tú anois, fearann a thug sé d'Abrahám.”
Seasann mo theach daingean i láthair Dé, mar rinne sé conradh síoraí liom, agus d'fhág gach ní in eagar go teann. Nach gcuireann sé bláth ar gach ní a shlánaíonn mé gach ní is mian liom?
agus beidh sé in chonradh sagartachta síoraí aigesean agus ag a shliocht dá éis, óir bhí dúthracht aige i mbun a Dhé, agus rinne sé leorghníomh do phobal Iosrael.’ ”
agus déan iad a ungadh dála a n‑athar, d'fhonn go ndéanfaidís fónamh dom mar shagairt. An t‑ungadh seo a dhéanfaidh tú orthu, bronnfaidh sé sagartacht shíoraí orthu ó ghlúin go glúin.”
á rá: ‘Féach! cuirfídh mé an rath ort agus méadóidh mé do shliocht, agus déanfaidh mé baicle ciníocha díot agus tabharfaidh mé an tír seo do do shliocht i do dhiaidh mar shealús go síoraí.’
“Is coimhthíoch agus deoraí mé in bhur measc: tugaigí seilbh dom ar ionad adhlactha in bhur measc, go ndéanfaidh mé mo mharbh a adhlacadh ó amharc mo shúl.”
Agus is é an fáth a bhfuil sé ina idirghabhálaí ar chonradh nua ná ionas go bhfaigheadh na daoine a bhfuil glaoite orthu an oidhreacht shíoraí atá geallta ag Dia dóibh. Is féidir é seo a tharlú anois ós rud é go bhfuair Críost bás in éiric na gcionta a rinneadh le linn an chéad chonartha.
Bíodh sé seo ina dhlí síoraí agaibh: uair sa bhliain ní foláir gnás an leorghnímh a chomhlíonadh thar ceann chlann Iosrael ar son a bpeacaí go léir.” Rinneadh mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
Ansin tabharfaidh a mhaistir chun Dé é, á threorú chun an dorais nó na tairsí. Cuirfidh a mháistir poll ina chluais le meana, agus beidh sé ag fónamh dó lena shaol.
Níor thug Dia seilbh dó, áfach, ar oiread agus fód de thalamh na tíre: ach gheall sé go dtabharfadh sé dó é agus dá shliocht ina dhiaidh, siúd is nach raibh aon sliocht air san am.
Thaispeáin an Tiarna é féin dó an oíche sin agus dúirt: “Mise Dia d'athar Abrahám. Ná bíodh eagla ort, óir táimse farat. Beannóidh mé thú agus cuirfidh mé an rath go líonmhar ar do shíol, Ar son mo shearbhónta Abrahám.”
Óir bhí an iomad maoine bailithe acu chun fanacht le chéile. Níorbh fhéidir don dúiche ina rabhadar ag lonnú ann iad araon a chothú le líonmhaire a dtréad.
“Nuair a thabharfaidh an Tiarna thú go dtír na gCanánach, rud a mhionnaigh sé duit féin agus do d'aithreacha a dhéanfadh sé, agus an tír a thabhairt duit,
Cuimhnigh ar Abrahám, ar Íosác agus ar Iosrael, do shearbhóntaí, dár mhionnaigh tú dar thú féin agus dár gheall tú: ‘Déanfaidh mé bhur síol chomh líonmhar le réaltaí neimhe, agus an tír seo go léir a gheall mé, tabharfaidh mé do bhur sliocht é agus beidh sé ina oidhreacht acu go síoraí.’ ”
Ní de bharr do fhíréantachta ná do dhúthracht croí atá tú ag dul i seilbh na tíre seo leo, ach de bharr choirpeacht na gciníocha seo tá an Tiarna do Dhia á dhíbirt romhat agus chun go gcoimeádfadh sé an briathar a mhionnaigh sé do d'aithreacha d'Abrahám, d'Íosác, agus do Iacób.
Ba é a dúirt siad: ‘Filligí gach aon agaibh óna dhrochshlí, agus ó olc bhur ngníomhartha, agus fanfaidh sibh ar an talamh a thug an Tiarna anallód daoibh féin agus do bhur n‑aithreacha le saol na saol.
Dúirt Maois le Hobáb mac Reúael, an Midiánach, athair a chéile: “Táimid ag cur chun bóthair go dtí an tír a ndúirt an Tiarna faoi: ‘tabharfaidh mé daoibh é’. Tar linn agus déanfaimid do leas, óir gheall an Tiarna sonas do chlann Iosrael.”
“Gabh suas ar Shliabh Neabó, i sliabhraon seo Abáraím, i dtír Mhóáb sall ó Ireachó; agus féach uait ar thír Chanán atáim a thabhairt mar fhearann dílis do chlann Iosrael.
Dúirt an Tiarna leis: “Sin é an tír a mhionnaigh mé a thabharfainn d'Abrahám, d'Íosác, agus do Iacób, á rá: ‘Tabharfaidh mé do do shíol é.’ Lig mé duit é a fheiceáil le do shúile cinn, ach ní rachaidh tú anonn isteach ann.”
“Tá Maois m'óglach tar éis bháis. Éirigh dá bhrí sin agus thar an Iordáin seo anonn leat, thú féin agus an pobal seo go léir, agus isteach leat sa tír atá á thabhairt agam dóibhsean, do chlann Iosrael.
ionas go siúlfaidh siad de réir mo reachtanna agus go gcomhlíonfaidh siad mo dheasghnátha gan faillí a dhéanamh; agus beidh siad ina bpobal agamsa agus mise i mo Dhia acusan.
“A mhic an duine, deir áitritheoirí an fhásaigh i dtír Iosrael: ‘Bhí Abrahám ina aonar nuair a ghabh sé oidhreacht na dúiche seo. Ach tá a lán againne ann anois agus is linne, ar ndóigh, an tír mar oidhreacht.’