Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 17:5

An Bíobla Naofa 1981

Ní thabharfar Abrám mar ainm ort feasta, ach tabharfar Abrahám ort, óir tá athair ar mhórán ciníocha á dhéanamh agam díot.

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

“Maidir le Sáraí do bhean,” arsa Dia le hAbrahám, “ní thabharfaidh tú Sáraí uirthi, ach Sárá a bheidh mar ainm uirthi.

“Ní Iacób a bheidh ort feasta,” ar sé, “ach Iosrael, óir mar a bhí tú tréan in aghaidh Dé, beidh an lámh láidir agat ar dhaoine.”

Chuir Iacób ceist air ansin: “Inis dom, le do thoil, cad is ainm duit.” Ach dúirt seisean: “Cén fáth m'ainm a fhiafraí díom?” Agus thug sé a bheannacht dó ansin.

Dúirt Dia leis: “Iacób is ainm duit; ní thabharfar Iacób mar ainm ort feasta, ach beidh Iosrael mar ainm ort.” Thugadar Iosrael mar ainm air dá réir sin.

agus d'inis sé é sin trí bhéal Nátán fáidh. Thug sé dá bhrí sin Muirnín an Tiarna air de bharr an Tiarna.

Abrám is é sin Abrahám.

A Thiarna, is tú an Dia A thogh Abrám, A thug as Úr na gCaildéach amach é, Agus a thug Abrahám mar ainm air.

Beidh bhur n‑ainm ina eascaine ag mo mhuintir thofa, agus tabharfaidh an Tiarna Dia bhur mbás. Ach do mo sheirbhísigh tabharfar ainm nua.

An lá dár gcionn d'ordaigh Paischiúr Irimia a thógáil as na ceapa; dúirt Irimia leis: “Ní Paischiúr an t‑ainm a thugann an Tiarna ort ach Uafás.

Ina laethanta siúd sábhálfar Iúdá agus cónóidh Iosrael faoi dhóchas. Is é seo an t‑ainm a bhéarfar air: An Tiarna ár bhfíréantacht.

Sin iad ainmneacha na ndaoine a sheol Maois uaidh ag taiscéaladh na tíre. Ansin thug Maois an t‑ainm Iósua ar Hóiséa mac Nún.

Thug sé leis é chun Íosa. D'fhéach Íosa go grinn air agus dúirt: “Is tú Síomón mac Eoin. Tabharfar ort Céafas” - focal a chiallaíonn Carraig.

de réir an scrioptúir: “Tá tú ceaptha agam i d'athair ar mhórán náisiún,” i bhfianaise an Dé ar chreid sé ann, an té a bheonn na mairbh agus a ghlaonn ar bith na nithe nach raibh ann.

An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua tabharfaidh mé dó cuid den mhana folaigh; agus tabharfaidh mé dó cloch gheal agus ainm nua scríofa ar an gcloch, ainm nach fios d'aon duine ach don té a ghlacann é.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí