Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 16:5

An Bíobla Naofa 1981

Ansin dúirt Sáraí le hAbrám: “An éagóir atá á déanamh orm go bhfille sí ort féin! Thugas m'ionailt duit i d'ucht, ach anois ó tá a fhios aici go bhfuil sí ag iompar níl meas dá laghad aici orm. Go raibh an Tiarna ina bhreitheamh idir mé agus tú.”

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Luigh sé le Hágár agus ghabh sí gin, agus a luaithe a bhí a fhios aici go raibh gin á hiompar aici, níor fhan aon mheas aici ar a máistreás.

Go raibh Dia Abrahám agus dia Náchór (dia a n‑aithreacha) ina bhreitheamh eadrainn.” Ansin mhionnaigh Iacób dar Ghaol a athar Íosác,

Ar an gcaoi sin rinne an rí Ióáis dearmad den bhuanghrá a bhí ag Iahóideá athair Zacairiá dó, ach mharaigh sé a mhac. Nuair a bhí seisean ag fáil bháis, dúirt sé: “Go bhfeice an Tiarna é seo agus go mbaine sé díoltas amach!”

Múscail! agus brostaigh chun mo chosanta a Dhia liom; a Thiarna bí liom.

Cosain mé a Dhia, agus agair mo chúis in aghaidh lucht na héagráifeachta. Ó lucht an fhill agus na hurchóide saor mé, (a Dhia).

Tagadh comhthionól na gciníocha i do thimpeall: bí i do shuí os a gcionn in airde.

agus dúradar leo: “Go bhféacha an Tiarna anuas oraibh agus go dtuga sé breith oraibh mar chuir sibh olc ar Fhorann agus ar a shearbhóntaí chugainn, agus tá claíomh curtha ina láimh agaibh chun sinn a mharú.”

“Go gcúitítear leis an mBablóin an foréigean a rinne sí ormsa agus gach ar fhulaing mé!” a deir muintir Shíón. “Agus mo fhuil ar mhuintir Chaldéa!” a deir Iarúsailéim.

Maidir liomsa, ní dhearna mé aon choir i bhur n‑aghaidh, ach tá sibhse ag déanamh éagóra orm trí bheith ag cur cogaidh orm. Tugadh an Tiarna, an breitheamh, breith inniu idir clann Iosrael agus na hAmónaigh.”

Go raibh an Tiarna ina bhreitheamh mar sin agus go dtuga sé breithiúnas idir mé is tú; go bhféacha sé chuige agus breithiúnas a thabhairt ar mo shon agus mé a shaoradh ó do láimh.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí