Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 16:15

An Bíobla Naofa 1981

Rug Hágár mac d'Abrám agus thug Abrám Ísmeáél ar an mac a rug Hágár.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Agus dúirt aingeal an Tiarna léi: “Féach, tá leanbh ar iompar agat, agus béarfaidh tú mac, agus tabharfaidh tú Ísmeáél mar ainm air, mar gur éist an Tiarna le do ghlór buartha.

Uime sin a tugadh Tobar Lachaí Roí (an Bheo a Fheiceann mé) ar an tobar; tá sé idir Cáidéis agus Báiread.

Bhí Abrám sé bliana agus ceithre fichid d'aois nuair a rug Hágár Ísmeáél d'Abrám.

“Ó, mhuise,” arsa Abrahám le Dia, “go maire Ísmeáél féin i d'fhianaise.”

D'éist mé le do ghuí ar son Ísmeáél chomh maith. Féach, beannóidh mé é agus cuirfidh mé an rath air, agus sliocht líonmhar thar na bearta; beidh sé ina athair ar dháréag flaith agus déanfaidh mé cine mór de.

Seo síos sliocht Ísmeáél, mac Abrahám, an mac a rug Hágár an tÉigipteach, ionailt Shárá, dó.

D'adhlaic a chlann mhac Íosác agus Ísmeáél é in uaimh Mhacpaelá i bhfearann Eafrón mac Zóchar an Hiteach, lastoir do Mhamrae,

agus chuaigh sé go hÍsmeáél agus phós sé bean eile de bhreis ar na mná a bhí aige, Machalat iníon le hÍsmeáél mac Abrahám, deirfiúr Nabáiót.

Téanam díolaimis leis na hÍsméiligh é, ach ná leagaimis lámh air. Is é ár ndeartháir é, ár bhfeoil féin.” Agus ghéill a dheartháireacha dó.

Clann mhac Abrahám: Íosác agus Ísmeáél.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí