Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 16:12

An Bíobla Naofa 1981

Asal fiáin fir a dhéanfaidh sé, a dhorn in aghaidh gach duine agus dorn gach duine ina aghaidh, agus é ag spairn lena bhráithre go léir.”

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Agus bhí Dia leis an leanbh agus d'fhás sé agus chuir faoi san fhásach agus bhí sé oilte ar an tsaighead.

Bhí cónaí air sa dúiche idir Havalá agus Siúr lastoir den Éigipt ar an mbealach chun na hAsaíre. Bhíodh sé ag spairn lena bhráithre go léir.

Mairfidh tú de bhíthin do chlaímh, agus déanfaidh tú fónamh do do dheartháir. Ach nuair a bhainfidh tú saoirse amach, cuirfidh tú a chuingsean de do mhuineál.”

Ansin shuíodar síos chun bia. Thógadar a súile agus chonaiceadar buíon Ísméileach ag teacht ó Ghileád lena gcamaill agus iad faoi ualach guma agus tragacant, agus balsaim agus roisín a bhí á thabhairt síos chun na hÉigipte acu.

Tá an duine baoth ar uireasa tuisceana; Is cuma nó searrach an asail fhiáin an duine ag teacht ar an saol.

Imíonn siad amach faoin bhfásach ar nós na n‑asal fiáin, Agus ocras a gclainne [á ngriogadh] Chun bia a lorg sna steipeanna loma.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí