Agus thug sé leis amach é agus dúirt: “Féach suas ar an spéir agus comhair na réaltaí más féidir duit iad a áireamh. Mar sin,” ar sé ansin, “a bheidh do shíol.”
Déanfaidh mé do shíol mar an luaithreach ar an talamh i dtreo má fhéadann daoine na cáithníní luaithe ar an talamh a chomhaireamh, ansin féadfaidh siad do shíolsa a chomhaireamh!
dáilfidh mé na frasa beannachtaí uaim anuas ort. Cuirfidh mé an rath ar do shíol ionas go mbeidh siad líonmhar mar réaltaí neimhe nó mar ghaineamh na trá; agus beidh seilbh ag do shliocht ar gheataí [cathrach] do naimhde.
Cuirfidh mé an rath ar do shíol mar réaltaí neimhe, agus tabharfaidh mé na dúichí seo go léir do do shliocht; agus is trí do shliochtsa a bheannóidh ciníocha an domhain go léir iad féin.
Beidh do shliocht mar luaithreach na talún, agus leathfaidh tú siar agus soir, ó thuaidh agus ó dheas; agus is tríotsa agus trí do shliocht a bheannóidh treibheanna uile an domhain iad féin.
Cuimhnigh ar Abrahám, ar Íosác agus ar Iosrael, do shearbhóntaí, dár mhionnaigh tú dar thú féin agus dár gheall tú: ‘Déanfaidh mé bhur síol chomh líonmhar le réaltaí neimhe, agus an tír seo go léir a gheall mé, tabharfaidh mé do bhur sliocht é agus beidh sé ina oidhreacht acu go síoraí.’ ”
Breathnaígí Abrahám bhur n‑athair agus Sárá a thug ar an saol sibh. Óir bhí sé ina aonar nuair a ghairm mise é agus bheannaigh mé é agus rinne mé líonmhar é.
Mar nach féidir slua neimhe a áireamh ná gaineamh na farraige a thomhas, is mar sin a mhéadóidh mise sliocht Dháiví mo shearbhónta agus na Léivítigh, a dhéanann [mar aon leis na hoidhrí seo] freastal orm.’ ”
Agus gan aon ábhar dóchais aige, chreid sé go dóchasach go mbeadh sé ina athair ar mhórán náisiún de réir mar a bhí ráite: “Amhlaidh sin a bheidh do shíol.”
Fág nach raibh ach deichniúr agus trí fichid díobh ann nuair a ghabh d'aithreacha ó dheas isteach san Éigipt, rinne an Tiarna do Dhia chomh líonmhar le réaltaí neimhe thú.
Dá bharr sin, ar aon duine amháin a bhí ionann is marbh tháinig sliocht a bhí chomh líonmhar le réaltaí neimhe nó leis na gráinní do-áirithe gainimh atá ar chiumhais na farraige.