Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 14:3

An Bíobla Naofa 1981

Thángadar seo go léir le chéile i nGleann Shidím (Muir an tSáile, is é sin).

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Ghabh críocha Chanán ó Shíodón i dtreo Ghearár go Gazá agus i dtreo Shodom agus Gomorá agus Adamá agus Zabóím go Laise.

Bhí a lán log pice i nGleann Shidím, agus ag teitheadh do ríthe Shodom agus Ghomorá, thit chuid díobh isteach iontu agus theith an chuid eile chun na gcnoc.

Bhíodar dhá bhliain déag faoi ghéillsine ag Cadarláómar, ach an tríú bliain déag do chuireadar suas de.

Ansin rí Shodom agus rí Ghomorá, agus rí Admá, agus rí Zabóím, agus rí Bhéala (is é sin le rá Zoar), chuadar amach agus chuireadar cath i nGleann Shidím

Ansin d'fhear an Tiarna ruibh agus tine anuas ar Shodom agus ar Ghomorá ón Tiarna.

riasca salainn de thalamh torthúil mar gheall ar urchóid a lucht áitrithe.

Ansin leanfaidh an teorainn an Iordáin agus beidh deireadh léi ag Muir an tSalainn. Sin é agaibh bhur dtír lena theorainneacha mórthimpeall.’ ”

An tArabá agus an Iordáin na teorainneacha síos ó Chineirit síos go Muir Arabá, Muir an tSalainn, faoi bhun sleasa Phisceá lastoir.

stad na huiscí uachtair go léir agus rinne meall mór díobh thar réimse mhór ó Adám, cathair atá lámh le Záratán; agus iad siúd a shníonn síos i dtreo Mhuir an Arabá, Muir an tSalainn sé sin, scaradh ar fad óna bhfoinsí iad. Ghabh an pobal thar abhainn os comhair Ireachó.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí