Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 14:11

An Bíobla Naofa 1981

Sciob an namhaid leo maoin uile Shodom agus Ghomorá agus a lón uile agus d'imíodar leo.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Agus thug sé leis Sáraí a bhean, agus Lót mac a dhearthár, agus a raibh de mhaoin cnuasaithe acu agus a raibh de dhaoir ina seilbh acu i Hárán. D'imíodar leo ar an mbealach go Canán. Nuair a thánadar go Canán

Bhí a lán log pice i nGleann Shidím, agus ag teitheadh do ríthe Shodom agus Ghomorá, thit chuid díobh isteach iontu agus theith an chuid eile chun na gcnoc.

Rugadar leo chomh maith Lót mac dearthár Abrám - bhí cónaí air i Sodom - agus a mhaoin uile, agus d'imíodar leo.

Thug sé leis ar ais an chreach go léir, agus thug ar ais a bhráthair Lót agus a mhaoin agus na mná agus na daoine.

Ansin dúirt rí Shodom le hAbrám: “Tabhair domsa na daoine, ach bíodh an mhaoin agat féin.”

Marófar do dhamh os comhair do shúl agus ní íosfaidh tú greim de; scuabfar d'asal uait os comhair do shúl agus ní dhéanfar é aisíoc leat; tabharfar do chaoirigh do do naimhde agus ní thiocfaidh aon duine i gcabhair ort.

Buailfidh an Tiarna thú ar na glúine agus ar na cosa le neascóidí nach mbeidh leigheas le fáil agat orthu, ó bhonn do choise go baithis do chinn.

Íosfaidh siad an bhreis a bheidh ar d'airnéis agus toradh do thalún nó go scriosfar thú; fágfaidh siad thú gan arbhar gan fhíon, gan ola, gan breis ar do airnéis, ná breis ar do thréad, nó go ndíothóidh siad thú.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí