Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 14:1

An Bíobla Naofa 1981

Bhí Amráfal rí Shionár agus Airióc rí Eallásar agus Cadarláómar rí Ealám agus Tiodál rí na nGóím i réim

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Thosaigh a ríocht le Báibil agus Eiric agus Acad, agus iad seo uile i dtír Shionár.

Clann Shéam: Éalam agus Aisiúr agus Arpaicsead, agus Lúd agus Arám.

Agus ag teacht anoir dóibh thángadar ar mhachaire i dtír Shionár agus chuireadar fúthu ann.

ar Chadarláómar rí Ealám, Tiodál rí na nGóím, Amráfal rí Shionár agus Airióc rí Eallásár; ceathrar rí in aghaidh cúigir.

Sa lá sin, ardóidh an Tiarna a lámh as an nua chun fuílleach a phobail a athghabháil, a mbeidh fágtha tar éis deoraíocht na hAsaíre agus na hÉigipte, ó Phatros agus ó Chúis agus ó Éalám, ó Shionár agus Hamát agus ó chríocha na farraige.

- is scáfar an fhís a fuair mé - tá fear na creiche i mbun creiche, tá an sladaí ag slad. “Suas leat, a Éalám, suas chun an léigir libh, a Mhéideacha! Cuirfidh mise críoch leis an gcaoineadh.”

Tá Éalám ag breith chuige a bholgán saighead, agus Arám ag dul sa diallait; tá Cír ag baint an chumhdaigh dá sciath.

Ar fhéad a gcuid déithe na náisiúin a chreach mo shinsir a tharrtháil - Gózán, Hárán, Reizif, agus muintir Éidin a bhí i dTeil [Básár]?

(ríthe uile Zimrí) agus ríthe uile Éalám, agus ríthe uile Méide,

“Tá Éalám ansin agus a comhluadar uile thart timpeall a huaighe, iad uile marbh, arna dtitim leis an gclaíomh; d'imigh siad síos gan timpeallghearradh in íochtar an domhain. Ach bhí an uair ann a raibh tír na mbeo ar uafás roimpi. Iompraíonn siad a náire leo siúd a théann síos go Seól.

“Go dtí tír na Sionáire,” ar seisean liom, “chun teampall a thógáil dó ann. Nuair a bheidh sé ullamh dó, cuirfear síos ar a bhonn féin é.”

rí Dhór ar shleasa sléibhte Dhór, duine; rí Ghóím sa Ghailíl, duine;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí