Déanfaidh mé do shíol mar an luaithreach ar an talamh i dtreo má fhéadann daoine na cáithníní luaithe ar an talamh a chomhaireamh, ansin féadfaidh siad do shíolsa a chomhaireamh!
Agus thug sé leis amach é agus dúirt: “Féach suas ar an spéir agus comhair na réaltaí más féidir duit iad a áireamh. Mar sin,” ar sé ansin, “a bheidh do shíol.”
Cuirfidh mé mo bheannacht uirthi agus bronnfaidh mé mac ort uaithi; cuirfidh mé mo bheannacht uirthi agus beidh sí ina máthair ar chiníocha; beidh ríthe ciníocha ag cineadh uaithi.”
D'éist mé le do ghuí ar son Ísmeáél chomh maith. Féach, beannóidh mé é agus cuirfidh mé an rath air, agus sliocht líonmhar thar na bearta; beidh sé ina athair ar dháréag flaith agus déanfaidh mé cine mór de.
dáilfidh mé na frasa beannachtaí uaim anuas ort. Cuirfidh mé an rath ar do shíol ionas go mbeidh siad líonmhar mar réaltaí neimhe nó mar ghaineamh na trá; agus beidh seilbh ag do shliocht ar gheataí [cathrach] do naimhde.
Cuirfidh mé an rath ar do shíol mar réaltaí neimhe, agus tabharfaidh mé na dúichí seo go léir do do shliocht; agus is trí do shliochtsa a bheannóidh ciníocha an domhain go léir iad féin.
Beidh do shliocht mar luaithreach na talún, agus leathfaidh tú siar agus soir, ó thuaidh agus ó dheas; agus is tríotsa agus trí do shliocht a bheannóidh treibheanna uile an domhain iad féin.
Agus dúirt Dia leis: “Is mé Dia Uilechumhachtach; bíodh rath ort agus go dté tú i líonmhaire. Síolróidh cine, sea agus ciníocha, uait. Áireofar fiú ríthe ar do shliocht.
Ach bhí an Tiarna cneasta leo agus ghlac trua dóibh, agus d'iompaigh chucu de bharr an chonartha a rinne sé le hAbrahám, le hÍosác, agus le Iacób, agus níorbh áil leis iad a scrios, ná níor dhíbir sé as a láthair iad (fós).
Thug Ióáb figiúir an daonáirimh do Dháiví: in Iosrael go léir bhí milliún agus céad míle fear tarraingthe claímh, agus in Iúdá ceithre chéad seachtó míle fear tarraingthe claímh.
A Thiarna, a Dhia, tá an gealltanas a thug tú do Dháiví m'athair comhlíonta anois mar rinne tú rí díom ar phobal atá chomh líonmhar le deannach na talún.
Cuimhnigh ar Abrahám, ar Íosác agus ar Iosrael, do shearbhóntaí, dár mhionnaigh tú dar thú féin agus dár gheall tú: ‘Déanfaidh mé bhur síol chomh líonmhar le réaltaí neimhe, agus an tír seo go léir a gheall mé, tabharfaidh mé do bhur sliocht é agus beidh sé ina oidhreacht acu go síoraí.’ ”
Mar nach féidir slua neimhe a áireamh ná gaineamh na farraige a thomhas, is mar sin a mhéadóidh mise sliocht Dháiví mo shearbhónta agus na Léivítigh, a dhéanann [mar aon leis na hoidhrí seo] freastal orm.’ ”
Cé d'fhéadfadh luaithreach Iacóib a ríomh? Cé d'fhéadfadh deannach shlua Iosrael a áireamh? Gurbh é bás an fhíréin mo bhás-sa! Gurbh í a gcríoch siúd mo chríochsa.”
Dá bharr sin, ar aon duine amháin a bhí ionann is marbh tháinig sliocht a bhí chomh líonmhar le réaltaí neimhe nó leis na gráinní do-áirithe gainimh atá ar chiumhais na farraige.
Ina dhiaidh sin b'shiúd an mathshlua mór nárbh fhéidir d'aon duine a chomhaireamh as gach cine agus treibh agus pobal agus teanga; bhí siad ina seasamh os comhair na ríchathaoireach agus os comhair an Uain, iad gléasta in éidí geala agus craobhacha pailme acu ina lámha.
Mar thagaidís chomh tiubh le lócaistí lena n‑eallach agus lena mbothanna; níorbh fhéidir a líon féin ná líon a gcamall a áireamh, i dtreo go gcreachaidís an dúiche ina ngabhaidís.