Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 13:10

An Bíobla Naofa 1981

D'ardaigh Lót a shúile agus chonaic go raibh gleann na hIordáine arna uisciú go fónta i ngach treo baill chomh fada le Zoar agus é amhail gairdín an Tiarna nó tír na hÉigipte - ba sular scrios an Tiarna Sodom agus Gomorá é sin.

Féach an chaibidil Cóip

26 Tagairtí Cros  

Seo sliocht Thearach: Ghin Tearach Abrám, Náchór agus Hárán. Ghin Hárán Lót.

Roghnaigh Lót gleann na hIordáine dó féin; ghluais Lót soir agus scaradar le chéile ar an gcuma sin.

Má ghabhann tusa deiseal, rachadsa tuathal; má ghabhann tusa tuathal rachadsa deiseal.”

agus d'fhear siad cogadh ar Bheara rí Shodom, ar Bhirseá rí Ghomorá, ar Shineáb rí Admá, ar Shiméibir rí Zabóím, agus ar rí Bhéala (is é sin le rá Zoar).

Ansin rí Shodom agus rí Ghomorá, agus rí Admá, agus rí Zabóím, agus rí Bhéala (is é sin le rá Zoar), chuadar amach agus chuireadar cath i nGleann Shidím

Chonaic an bhean gur mhaith le hithe toradh an chrainn, agus gur gheal leis an tsúil é agus gur dhíol dúile é ar son an fheasa a thug sé. Thóg sí, más ea, cuid dá thoradh agus d'ith é; thug sí cuid de chomh maith dá fear a bhí ina teannta, agus d'ith sé é.

Sin é talamh na hÉigipte romhat mar a shíneann; cuir d'athair agus do dheartháireacha chun cónaí sa chuid is fearr den talamh. Cuiridis fúthu i dtír Ghoisin, agus más eol duit aon chumasaigh orthu, cuir i bhfeighil mo stoic féin iad.”

chonaic mic Dé gur sciamhach iad iníonacha na ndaoine agus thógadar chucu a rogha díobh mar mhná.

na luaithreáin, na sluaistí, agus na babhlaí. Ba de chré-umha líofa na gréithe seo go léir a rinne Híorám do Sholamh rí, do Theampall an Tiarna.

Má sceitheann abhainn thar a bruacha, ní chuireann sé mairg air. Dá mbrúchtfadh an Iordáin [ina chraos], ba chuma leis.

riasca salainn de thalamh torthúil mar gheall ar urchóid a lucht áitrithe.

Tá mo chroí ag éagaoin ar son Mhóáb, agus a uaisle ar teicheadh fad le Zoar. Och! fána Lúichít suas atá a dtriall agus iad ag caoineadh. Ar bhealach Horonáím tá siad ag gol go coscarthach.

Is ea, tá trua ag an Tiarna do Shíón, tá trua aige di ina ballóga ar fad mar atá. As an díthreabh sin aici déanfaidh sé Éidin, agus as a gaineamhlach gairdín don Tiarna. Cloisfear gártha áthais agus lúcháire ann, altú buíochais agus siansa ceoil.

“Tá éamh Heisbeon agus Eileálae le clos i Iahaz. Téann an screadach ó Zoar go Horónaím agus Eaglat Silísia, óir tá uiscí Nimrím ag éirí uaigneach anois.

Is í an tSamáir do dheirfiúr shinsir a chónaigh lena clann iníonacha ó thuaidh uait, agus is í Sodom do dheirfiúr óg, ise a chónaigh lena clann iníonacha ó dheas.

Ba í seo ciontacht Shodom, do dheirfiúr, agus a hiníonacha: bhí siad díomasach, craosach, tugtha don sámhas, ach níor tháinig i gcabhair ar an mbochtán ná ar an ainniseoir.

bhí tú in Éidin, i ngairdín Dé. Bhí gach sort seoide i ndéantús do chloca, sard, tópas, diamant, criosailít, beiril, oinisc, saifír, carmhogal, smaragaid; ba as ór a rinneadh do thiompáin agus do phíbeanna. Gléasadh an t‑iomlán an lá ar cruthaíodh thú.

Ní raibh céadras inchurtha leis i ngairdín Dé; ní raibh a leithéid de ghéaga ag giúis ar bith, ná a leithéid de bheangáin ag crann plána, ná a leithéid de scéimh ag aon chrann i ngairdín Dé.

Rinne mé dóighiúil é lé hiomad a ghéag; bhí gach crann in éad leis in Éidin, i ngairdín Dé.

Ar an taobh thoir sínfidh an teorainn le taobh an Iordáin idir Haurán agus an Damaisc, idir Gileád agus tír Iosrael go dtí an Fharraige Thoir síos fad le Támár. Sin é an teorainn thoir.

Rompu amach tá tine ag ídiú léi agus tá na lasracha ag loscadh ina ndiaidh. Sula dtagann siad bíonn an dúiche cosúil le gairdín Éidin ach is cuma nó fásach folamh í ina ndiaidh; ní théann aon ní slán uathu.

an Neigib agus fairsinge Ghleann Ireachó, cathair na gcrann pailme, go Zoar.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí