D'imigh Abrám amach mar sin de réir mar a dúirt an Tiarna leis agus chuaigh Lót in éineacht leis. Bhí Abrám cúig bliana déag is trí fichid nuair a d'fhág sé Hárán.
Thug Tearach leis Abrám a mhac agus Lót mac Hárán mac a mhic, agus Sáraí bean a mhic, bean Abrám, agus amach leo le chéile ó Úr na gCaildéach ag triall ar thír Chanán. Ach nuair a thángadar go Hárán chuireadar fúthu ann.
Leis sin d'fhág sé Caildéa agus chuaigh chun cónaithe i gCáran. Agus tar éis bháis a athar, d'aistrigh Dia as sin é chun na tíre ina bhfuil sibhse in bhur gcónaí anois.
Trí chreideamh rinne Abrahám rud ar Dhia nuair a fuair sé a ghairm uaidh. Thug sé a aghaidh ar áit a bhí le fáil aige mar oidhreacht; d'imigh sé leis, bíodh nach raibh a fhios aige cá raibh a thriall.