Nuair a thug Dia orm imeacht liom ó theach m'athar dúirt mé léi: ‘Tá gar is féidir duit a dhéanamh dom: cibé áit ina mbeidh ár dtriall, abair i mo thaobhsa: Is é mo dheartháir é.’ ”
“An Tiarna, Dia neimhe [agus talún], thug sé mise amach ó theach m'athar agus ó thír mo chine, agus mhionnaigh dom á rá: ‘Do do shíolsa a thabharfaidh mé an tír seo’; seolfaidh seisean a aingeal romhat amach agus gheobhaidh tú bean do mo mhac sa tír sin.
Tusa a thug mé ó chríocha na talún agus ar ghlaoigh mé ort ó iargúil na cruinne; tusa ar dhúirt mé leat: “Is tú mo ghiolla, tá tú tofa agam, níor thug mé droim láimhe leat.”
Breathnaígí Abrahám bhur n‑athair agus Sárá a thug ar an saol sibh. Óir bhí sé ina aonar nuair a ghairm mise é agus bheannaigh mé é agus rinne mé líonmhar é.
“A mhic an duine, deir áitritheoirí an fhásaigh i dtír Iosrael: ‘Bhí Abrahám ina aonar nuair a ghabh sé oidhreacht na dúiche seo. Ach tá a lán againne ann anois agus is linne, ar ndóigh, an tír mar oidhreacht.’
Trí chreideamh rinne Abrahám rud ar Dhia nuair a fuair sé a ghairm uaidh. Thug sé a aghaidh ar áit a bhí le fáil aige mar oidhreacht; d'imigh sé leis, bíodh nach raibh a fhios aige cá raibh a thriall.
Ansin chuala guth eile ó na flaithis á rá: “Amach libh aisti, a phobal liom, i dtreo nach mbeadh sibh páirteach ina cionta, agus nach mbeadh cuid dá plánna le hiompar agaibh.