Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 11:3

An Bíobla Naofa 1981

Agus dúradar lena chéile: “Téanam agus déanaimis brící agus tugaimis tine dóibh” - brící a bhíodh acu in áit cloch agus pic in áit moirtéil -

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

“Téanam,” ar siad, “agus tógaimis cathair dúinn féin, agus túr agus a bharr ag baint neimhe amach in airde. Tuillimis clú dúinn féin sula scaipfí ar fud chlár na cruinne go léir sinn.”

Téanam, téimis síos agus déanaimis cíor thuathail dá dteanga ar an bhfód i dtreo nach dtuigfidis caint a chéile a thuilleadh.”

Bhí a lán log pice i nGleann Shidím, agus ag teitheadh do ríthe Shodom agus Ghomorá, thit chuid díobh isteach iontu agus theith an chuid eile chun na gcnoc.

Thug sé leis lucht na cathrach agus chuir sé ag obair iad le sábha, le piocóidí agus tuanna iarainn, agus bhain sé feidhm astu ag déanamh brící. Thug sé an cor céanna ar chathracha uile na nAmónach. Ansin d'fhill Dáiví agus an t‑arm ar fad go Iarúsailéim.

scaoileann siad ó chúl clúide leis an bhfíréan, ‘s iad ag caitheamh leis go tobann gan eagla.

agus d'fhágadar an saol go searbh acu le saothar dian i mbun moirtéil agus brící agus gach sórt saothair sna goirt; bhrúdar gach sort saothair orthu.

Nuair a chuaigh di é a choimead faoi cheilt a thuilleadh, fuair sí cléibhín paipíre dó agus chuimil sí bitiúman agus pic de, agus chuir an leanbh ann, agus chuir i measc na n‑eileastram ar bhruach na habhann é.

Má deir siad: “Tar linn; téimis i luíochán le fonn fola; tugaimis fogha gan choinne faoi na neamhurchóidigh;

Arsa mise liom féin: “Seo anois, féachfaidh mé an lúcháir ort; bain aoibhneas as an bpléisiúr.” Agus féach, baois ba ea é seo freisin.

Tá, cuirfidh mé in iúl daoibh anois cad tá mé chun a dhéanamh le m'fhíonghort: an claí a bhaint as chun go mbeidh sé ina fhéarach, an balla a leagan chun go satlófar air.

ag tabhairt mo dhúshlán gan sos suas le mo bhéal, ag déanamh íobairtí i ngairdíní, ag dó túise ar altóirí bríce,

Ach tá an Tiarna ag dreasú a naimhde i gcoinne an phobail seo, tá sé ag gríosú a gcéilí comhraic:

Tarraing uisce le haghaidh an léigir; neartaigh do dhúnta; satail ar an láib; pasáil an chré; beir greim ar an múnla brící.

Agus tugaimis aird ar a chéile chun go spreagfaimid a chéile chun grá a thaispeáint dá chéile agus chun dea-oibreacha a dhéanamh.

Gach lá, fad a bhíonn “an lá inniu” seo ann, bígí ag gríosú a chéile ar eagla go ndéanfaí aon duine agaibh a chruachan le mealltacht an pheaca.

Féachaigí anseo sibhse a deir: “Rachaimid go dtí a leithéid seo de bhaile inniu nó amárach agus caithfímid bliain ann agus beimid ag trádáil ann agus ag déanamh airgid.”

Féachaigí anseo anois a lucht an tsaibhris, déanaigí gol agus olagón de bharr na dtubaistí atá le teacht sa mhullach oraibh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí