Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 11:11

An Bíobla Naofa 1981

Mhair Séam cúig chéad bliain tar éis Arpaicsead a shaolú, agus ghin sé mic agus iníonacha.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Agus bheannaigh Dia iad á rá leo: “Bígí torthach, agus téigí i líonmhaire agus líonaigí an talamh agus cuirigí smacht air. Bíodh tiarnas agaibh ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir agus ar an uile dhúil bheo a chorraíonn ar talamh.”

Seo iad sliocht Shéam: Nuair a bhí Séam céad bliain d'aois ghin sé Arpaicsead dhá bhliain tar éis na díleann.

Nuair a bhí Arpaicsead cúig bliana déag ar fhichid ghin sé Seálach.

Ach sibhse, bígí torthach agus téigí i líonmhaire; bíodh an rath go raidhseach oraibh ar an talamh agus bíodh smacht agaibh air.”

Gura cosúil ár gclann mhac le húrchrainn, agus iad ag fás ina n‑óige; gura cosúil ar n‑iníonacha le colúin chúinne, arna snoí mar cholúin an teampaill.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí