Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 11:1

An Bíobla Naofa 1981

Labhair daoine an teanga chéanna agus na focail chéanna ar fud an domhain mhóir.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Sin iad treibheanna chlann Naoi de réir a síol agus a gciníocha. Uathusan a leath na ciníocha ar fud an domhain tar éis na díleann.

Agus ag teacht anoir dóibh thángadar ar mhachaire i dtír Shionár agus chuireadar fúthu ann.

“Féach,” arsa an Tiarna, “aon mhuintir amháin iad le haon teanga amháin acu go léir. Níl sa mhéid seo ach tús na mbeart a dhéanfaidh siad; níl aon ní dá bhfuil acu á bheartú nach bhféadfaidh siad a chur i gcrích.

Sa lá sin, beidh cúig bailte i dtír na hÉigipte agus teanga Chanán á labhairt acu, a thabharfaidh mionn dar Tiarna na Slua; beidh Cathair na Gréine ar cheann acu.

“Is ea, tabharfaidh mé ansin beola glana do na ciníocha chun go nglaofaidh cách ar ainm an Tiarna, agus chun go bhfónfaidh siad dó de thoil a chéile.

agus nuair a chualathas an glor úd chruinnigh an slua agus iad ar mearbhall de bhrí gur chuala gach duine a theanga féin á labhairt acusan.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí