Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 10:2

An Bíobla Naofa 1981

Clann Iáfat: Gómar agus Mágóg agus Iáván agus Túbál agus Meisic agus Tíoras.

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Seo anois sliocht chlann Naoi, Séam, Hám agus Iáfat. Rugadh clann mhac dóibh tar éis na díleann.

Rugadh clann chomh maith do Shéam, an té ónar shíolraigh clann Éibir ar fad, agus sinsear a dhearthár Iáfat.

Go méadaí Dia Iáfat! Go lonnaí sé i mbothanna Shéam. Go raibh Canán aige ina dhaor.”

Sa naoú bliain de réimeas Hóiséa ghabh rí na hAsaíre an tSamáir agus dhíbir sé na hIosraelaigh chun na hAsaíre. Chuir sé ina gcónaí iad i Hala agus ar an Hábór, abhainn de chuid Ghózán, agus i gcathracha na Méideach.

Is é mo dhíth bheith i mo chónaí i Meiseach; i bpubaill Chéadar.

Tabharfaidh mé comhartha dóibh agus cuirfidh mé cuid dár tháinig slán díobh amach chuig na náisiúin: chuig Tairsís, Pút, Lúd, Móiséic, Róis, Túbal agus Iáván, i dtreo insí na farraige i gcéin nár chuala trácht orm agus nach bhfaca mo ghlóir.

Thug Dán agus Iáván, ó Úzál amach, iarann buailte, caisia agus calmas duit ar d'earraí.

Ba línéadach mín ón Éigipt, ar a raibh obair bhróidnéirithe, do sheol agus do mheirge ar aon. Ba ghorm corcra do scáthbhrat ó insí Eilíseá.

“Tá Meisic agus Túbál ansin agus a gcomhluadar uile agus a n‑uaigheanna thart timpeall, gach duine acu gan timpeallghearradh, arna thitim leis an gclaíomh; óir bhí tír na mbeo ar uafás rompu.

Fágfaidh tú do bhaile sna haird is faide ó thuaidh, thú féin agus a lán ciníocha leat, tóstal an-mhór, slua airm cumasach iad uile ar muin each.

“A mhic an duine, iompaigh i dtreo Ghóg, i dtír Mhágóg, ardphrionsa Mheisic agus Thúbál, agus tairngir ina choinne.

tá Gomair agus a bhuíon go léir, Béit Tógarmá agus a bhuíon ón aird is faide ó thuaidh; tá a lán ciníocha in éineacht leat.

“A mhic an duine, tairngir in éadan Ghóg. Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mé i do choinne, a Ghóg, a ardphrionsa Mheisic agus Thúbál.

agus amach leis ag mealladh na gciníocha i gceithre hairde an domhain, idir Ghóg agus Mhagóg, chun iad a thionól chun catha; is mar ghaineamh na trá a líon slua.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí