Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 10:11

An Bíobla Naofa 1981

Ón tír sin a tháinig Aisiúr a thóg Nínivé agus Rahobot Ír agus Cálach,

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

agus Reisen idir Nínivé agus Cálach; cathair mhór í sin.

Scor Sanaichéiríb a champa agus d'imigh; d'fhill sé abhaile agus chuir sé faoi i Nínivé.

tháinig siad go Zarubáibil [agus go Iéisiúa] agus go cinn na bhfiní, agus dúirt siad: “Ba mhaith linn tógáil in bhur dteannta, mar adhraimid bhur nDia bhur ndála féin, agus tá íobairt á déanamh againn chuige ó aimsir Éasar Hadón rí na hAsaíre a thug anseo sinn.”

Geabal agus Amón agus Amáiléic; na Filistínigh agus lucht áitrithe na Tuíre,

Scor Sanaichéiríb a champa ansin agus d'imigh sé abhaile go Nínivé agus chuir sé faoi ann.

Thrádáil Hárán, Canae, Éidin, ceannaithe Sheabá, Aisiúr agus Chilmead leat.

“Tá an Asaír ansin agus a comhluadar uile, a n‑uaigheanna ina timpeall; tá siad go léir marbh, arna dtitim leis an gclaíomh.

Bíodh riar bhur gcáis de bhriathra agaibh, agus filligí ar an Tiarna agus abraigí leis: Maith dúinn ár gcionta uile, le go bhfaighimid uait rud is fónta, i ndíol ar na briathra a chanaimid duit.

“Éirigh! Gread leat go dtí cathair mhór Nínivé agus fógair oracal ina haghaidh, mar tá mallaitheacht a háitritheoirí tar éis éirí aníos os mo chomhair.”

Agus beidh fuílleach Iacóib i measc a lán náisiún mar a bheadh an drúcht a thagann ón Tiarna nó mar bhraonta báistí ar an bhféar glas. Ní chuirfidh siad a muinín as aon fhear; ní bheidh siad ag tnúth le cabhair ó mhuintir an tsaoil seo.

Oracal i dtaobh Nínivé. Leabhar fhís Nahúm, an tEalcóiseach.

Ardaítear an dealbh chun siúil chun í a thabhairt go tír iasachta; tá a cuid banóglach ag ligean osnaí uathu mar chorracú colm agus ag bualadh a n‑ucht le teann díomá.

Agus gach uile dhuine a bhreathnóidh ort, teithfidh sé uait, á rá: “Tá Nínivé léirscriosta!” Cé a chaoinfidh í? Cad as a bhfaighidh mé sólásaithe di?

Sínfidh sé a lámh amach in aghaidh an tuaiscirt agus scriosfaidh sé an Asaír agus déanfaidh sé díthreabh de Nínivé nó go mbeidh sí chomh tirim le fásach.

Ach is le Beór an nead, agus an fada a bheidh tú sciobtha i do chime ag Aisiúr?”

longa ó chóstaí Chitím. Cránn siad Aisiúr, cránn siad Éibir. Déanfar eisean chomh maith a dhísciú go brách.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí