Tugadh Báibil uirthi uime sin mar go ndearna an Tiarna cíor thuathail de theangacha an domhain go léir ansiúd; agus chuir an Tiarna fán orthu ón áit sin ar fud chlár na cruinne go léir.
Sa lá sin, ardóidh an Tiarna a lámh as an nua chun fuílleach a phobail a athghabháil, a mbeidh fágtha tar éis deoraíocht na hAsaíre agus na hÉigipte, ó Phatros agus ó Chúis agus ó Éalám, ó Shionár agus Hamát agus ó chríocha na farraige.
San am sin, chuir Marodac Baladán mac Bhaladán, rí na Bablóine, chuir sé litreacha agus bronntanas chuig Hiziciá, mar gur chuala sé trácht ar a bhreoiteacht agus ar a théarnamh.
“Iarraimid d'achainí ort fiafraí den Tiarna ar ár son ó tharla Nabúcadnazar ag déanamh cogaidh orainn; b'fhéidir go n‑oibreodh an Tiarna a mhíorúiltí uile ar ár son agus go dtabharfadh sé ar an namhaid imeacht uainn.”
Éirígí suas in aghaidh thír Mharataím, téigí ina héadan agus in éadan áitritheoirí Phacód; lorgaigí iad; beartaígí an claíomh; milltear iad go hiomlán - an Tiarna a labhraíonn. Déan an uile ní dár ordaigh mé duit.
Téigí go Calna agus féachaigí, ar aghaidh libh uaidh sin go Hamát mór, agus ansin síos go Gat na bhFilistíneach libh; an fearr iadsan ná na ríochtaí seo? nó an mó a dtailte ná bhur gcuidse?
Bí ag lúbarnaíl agus ag cneadach, a iníon Shíón, mar bhean ina leaba luí seoil. Óir beidh ort imeacht as an gcathair anois agus cur fút faoin tuath. Rachaidh tú go dtí an Bhablóin ach slánófar ann thú. Mar is ann a fhuasclóidh an Tiarna thú ó lámha do naimhde.
Agus beidh fuílleach Iacóib i measc a lán náisiún mar a bheadh an drúcht a thagann ón Tiarna nó mar bhraonta báistí ar an bhféar glas. Ní chuirfidh siad a muinín as aon fhear; ní bheidh siad ag tnúth le cabhair ó mhuintir an tsaoil seo.