Tusa amháin is Tiarna; Rinne tusa na flaithis, flaithis na bhflaitheas, lena gcóiriú go léir, An talamh agus a torthaí go léir, Na farraigí agus a bhfuil ina gcrioslach. Chuir tú anam sna nithe sin go léir; Agus cromann sluaite na bhflaitheas os do chomhair.
Ritheann na haibhneacha go léir isteach san fharraige ach ní líontar í choíche; mar sin féin coinníonn na haibhneacha orthu ag déanamh ar a gceann cúrsa go brách.
Nach bhfuil aon eagla oraibh romhamsa? - an Tiarna a labhraíonn - An é nach gcreathnóidh sibh i mo láthairse, mise a chuir an gaineamh ina theorainn don fharraige, ina chlaí buan nach bhfuil aon dul thairis; tiomáineann na tonnta ach ní bheireann bua, tonngháireann siad, níl dul thairis acu.
mhionnaigh sé dar an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, an té a chruthaigh na flaithis agus a bhfuil iontu, agus an talamh agus a bhfuil air, agus an fharraige agus a bhfuil inti; mhionnaigh sé: “Ní bheidh moill ann feasta,