Thug Dia “neamh” ar an bhfirmimint. Ba shin an dara lá, an nóin agus an mhaidin.
Agus thug Dia “tír” ar an talamh tirim, agus “farraigí” ar na huiscí le chéile. Chonaic Dia gur mhaith sin.
Ba shin an tríú lá, an nóin agus an mhaidin.
Ba shin an ceathrú lá, an nóin agus an mhaidin.
Ba shin an cúigiú lá, an nóin agus an mhaidin.
Chonaic Dia gach a ndearna sé agus, féach! bhí sé go sármhaith. Ba shin an séú lá, an nóin agus an mhaidin.
Thug Dia “lá” ar an solas agus “oíche” ar an dorchadas. Ba shin an chéad lá, an nóin agus an mhaidin.
Rinne Dia an fhirmimint agus scar sé na huiscí a bhí faoin bhfirmimint ó na huiscí a bhí os a cionn. Agus bhí sin amhlaidh.
Dúirt Dia: “Tagadh na huiscí go léir atá faoi neamh le chéile san aon áit amháin, agus bíodh an talamh tirim le feiceáil.” Agus bhí sin amhlaidh.
Fireann agus baineann a chruthaigh sé iad. Bheannaigh sé iad agus thug an t‑ainm An Duine orthu an lá a cruthaíodh iad.
Rinne sé na flaithis le feabhas a eagna, óir maireann a bhuanghrá go brách.
Oracal. Briathar an Tiarna i dtaobh Iosrael. Is é seo a deir an Tiarna, an té a shín amach na flaithis agus a leag bunsraith na cruinne agus a chruthaigh spiorad an duine istigh ann: