Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 1:7

An Bíobla Naofa 1981

Rinne Dia an fhirmimint agus scar sé na huiscí a bhí faoin bhfirmimint ó na huiscí a bhí os a cionn. Agus bhí sin amhlaidh.

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Dúirt Dia: “Tugadh an talamh an fásra uaidh: An lusra lena shíol, an crann toraidh lena shíol ina thoradh, gach ceann de réir a chineáil ar an talamh.” Agus bhí sin amhlaidh.

Bídís ina soilse i bhfirmimint neimhe ag taitneamh ar an talamh.” Agus bhí sin amhlaidh.

Dúirt Dia: “Tugadh an talamh uaidh gach uile dhúil bheo de réir a chineáil, eallach, péisteanna agus ainmhithe allta.” Agus bhí sin amhlaidh.

Thug Dia “neamh” ar an bhfirmimint. Ba shin an dara lá, an nóin agus an mhaidin.

Dúirt Dia: “Tagadh na huiscí go léir atá faoi neamh le chéile san aon áit amháin, agus bíodh an talamh tirim le feiceáil.” Agus bhí sin amhlaidh.

Cheangail sé na huiscí ina néalta, Agus níor stróiceadh na scamaill faoina n‑ualach.

Cuireann tú toibreacha ag brúchtadh isteach sna haibhneacha; agus sníonn siad idir na sléibhte.

Rinne sé na flaithis le feabhas a eagna, óir maireann a bhuanghrá go brách.

Molaigí é, a fhlaitheasa is airde, agus a uiscí atá os cionn na bhflaitheas!

Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.

Fógraíonn na spéartha glóir Dé agus foilsíonn an fhirmimint saothar a lámh.

Má bhíonn na néalta lán báistí, fearfaidh siad anuas ar an talamh í; má leagtar crann ó dheas nó ó thuaidh, luífidh sé mar a dtitfidh sé.

Bhí ionadh ar na fir agus deiridís: “Cén sórt duine é seo a rá go ndéanann na gaotha féin agus an fharraige rud air?”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí