Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 1:30

An Bíobla Naofa 1981

Mar bhia ag na hainmhithe allta go léir, ag éanlaith an aeir go léir, agus ag na péisteanna go léir a bhogann ar talamh tugaim glas gach fáis.” Agus bhí sin amhlaidh.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Cuireann tú an féar ag fás don bhólacht, agus luibheanna ar mhaithe leis an duine chun go mbaine sé arán as an talamh,

Tugann sé a gcuid do na beithígh; agus beathaíonn gearrcaigh na bhfiach nuair a ghlaonn siad air.

Á chosc ó arda na sléibhte, Mar a mbíonn na hainmhithe allta go léir ag súgradh.

Féach Bahaemót! rinne mé é mar aon leat; Itheann sé féar mar an damh

Gach dúil bheo ina bhfuil lúth, bídís agaibh mar bhia, chomh maith leis na luibheanna glasa. Tugaim gach ní daoibh,

Déanann a ghearrcach fuil a shúrac; Mar a mbíonn na corpáin, ansiúd a bhíonn sé.

Na sléibhte raon an fhéaraigh a thaistealann sé, Agus is ansiúd a lorgann sé aon ní glas.

Nuair a bhíonn toirt agus neart sna laonna, Imíonn siad leo, gan filleadh ar ais orthu.

Agus tabhair leat chomh maith gach sort bia dá n‑itear agus cuir i dtaisce é agus beidh sé mar bhia agatsa agus acusan.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí