Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 1:25

An Bíobla Naofa 1981

Rinne Dia an uile chineál ainmhí allta, an uile chineál eallaigh, an uile chineál péiste. Chonaic Dia gur mhaith sin.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

D'éag an uile fheoil dár chorraigh ar talamh - idir éanlaith agus eallach, agus ainmhithe allta agus na dúile go léir a shníonn ar talamh, agus na daoine go léir.

Agus an uile ní ar talamh tirim ina raibh anáil na beatha trína pholláirí, fuair sé bás.

Ní gá duit ach ceist a chur ar na hainmhithe agus cuirfidh siad ar an eolas thú! Nó ar éanlaith an aeir agus múinfidh siad thú;

Shoilsigh a anáil na spéartha, Agus ghoin a lámh an nathair ar teitheadh.

Tagann gal óna pholláirí Mar a bhíonn ó choire ar fiuchadh ar an tine.

Le mo mhórchumhacht agus le mo láimh sínte amach rinne mé an talamh, an duine agus na hainmhithe ar talamh. Agus féadaim é a thabhairt don té is maith liom.

mar go ndéanann briathar Dé agus an urnaí rud naofa de.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí