Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 1:22

An Bíobla Naofa 1981

Bheannaigh Dia iad á rá: “Bígí torthach, agus téigí i líonmhaire, agus líonaigí uiscí na bhfarraigí; agus téadh an éanlaith i líonmhaire ar talamh.”

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Chruthaigh Dia na míola móra agus gach uile dhúil chorraitheach bheo de réir a chineáil a chin ó rath na n‑uiscí, agus an uile chineál éin a eitlíonn. Chonaic Dia gur mhaith sin.

Ba shin an cúigiú lá, an nóin agus an mhaidin.

Agus bheannaigh Dia iad á rá leo: “Bígí torthach, agus téigí i líonmhaire agus líonaigí an talamh agus cuirigí smacht air. Bíodh tiarnas agaibh ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir agus ar an uile dhúil bheo a chorraíonn ar talamh.”

Ach dúirt Lábán leis: “Más ceadmhach dom é a rá! Fuair mé amach ó na tuartha gur bheannaigh an Tiarna mé ar do shon.

Óir is éachtach mar a mhéadaigh ar an mbeagán a bhí agat nuair a tháinig mise, agus chuir an Tiarna a bheannacht ort cibé treo inar iompaigh mé, ach cathain a dhéanfaidh mé soláthar do mo theaghlach féin chomh maith?”

Agus dúirt Dia leis: “Is mé Dia Uilechumhachtach; bíodh rath ort agus go dté tú i líonmhaire. Síolróidh cine, sea agus ciníocha, uait. Áireofar fiú ríthe ar do shliocht.

Beir leat amach a bhfuil farat d'ainmhithe, an uile ní d'fheoil idir éanlaith agus ainmhithe agus phéisteanna a shníonn ar talamh. Téidís i líonmhaire ar talamh; bíodh toradh orthu agus síolaidís ar talamh.”

Bheannaigh an Tiarna Naoi agus a chlann mhac agus dúirt sé leo: “Bíodh an rath oraibh, téigí i líonmhaire agus líonaigí an talamh.

Féach Bahaemót! rinne mé é mar aon leat; Itheann sé féar mar an damh

Bheannaigh an Tiarna Iób i ndeireadh a shaoil thar mar a rinne i dtosach, ionas go raibh ceithre mhíle déag caora agus sé mhíle camall agus míle cuingir damh, agus míle asal baineann aige.

Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuanghrá, as ucht na n‑iontas a dhéanann sé don Ádhamhchlann.

Bheannaigh sé iad agus chuaigh siad i líonmhaireacht; níor lig sé dá dtréada dul i laghad.

Beidh do bhean chéile mar fhíniúin thorthúil, i gceartlár do thí. Beidh do chlann mar bhuinneáin crainn olóige, mórthimpeall do bhoird.

Beannacht an Tiarna a bhronnann saibhreas, agus ní chuireann seisean dólás léi.

Cuirfidh mé spéis ionaibh agus déanfaidh mé rathúil líonmhar sibh agus daingneoidh mé mo chonradh libh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí