Chruthaigh Dia na míola móra agus gach uile dhúil chorraitheach bheo de réir a chineáil a chin ó rath na n‑uiscí, agus an uile chineál éin a eitlíonn. Chonaic Dia gur mhaith sin.
Chum an Tiarna Dia dá bhrí sin as an talamh ainmhithe an mhachaire go léir, éanlaith an aeir go léir, agus thug sé i láthair an duine iad féachaint cen t‑ainm a thabharfadh sé orthu: cibé ainm a thabharfadh an duine ar gach dúil bheo, sin é a bheadh mar ainm air.
An éanlaith de réir a gcineáil, ainmhithe uile na talún de réir a gcineáil, péisteanna uile na talún de réir a gcineáil, rachaidh cúpla díobh isteach san áirc in éineacht leat le coimeád beo.
agus in éineacht leo gach ainmhí de réir a gcineáil, an t‑eallach go léir de réir a gcineáil, gach péist a shníonn ar talamh de réir a gcineáil, an éanlaith go léir de réir a gcineáil, gach éan de gach sórt.
Beir leat amach a bhfuil farat d'ainmhithe, an uile ní d'fheoil idir éanlaith agus ainmhithe agus phéisteanna a shníonn ar talamh. Téidís i líonmhaire ar talamh; bíodh toradh orthu agus síolaidís ar talamh.”
Agus na hainmhithe allta go léir, agus an t‑eallach go léir, an éanlaith go léir, agus na péisteanna go léir a shníonn ar talamh, amach leo as an áirc, cineál ar chineál.
Bíodh scéin agus eagla romhaibh ar na hainmhithe allta go léir, ar éanlaith an aeir go léir, ar gach a shníonn ar talamh, agus ar iasc na farraige go léir; faoi bhur lámha a cuireadh iad go léir.
Beidh an Níl ar snámh le froganna; tiocfaidh siad suas isteach i do theach agus i do sheomra leapa agus i dtithe do shearbhóntaí agus do mhuintire, isteach i do oighinn agus i do losaidí.
“A mhic an duine, caoin Forann, rí na hÉigipte, agus abair leis: Ba dhóigh leat gur leon óg thú i measc na gciníocha. Ach is crogall thú sna farraigí; brúchtann tú i d'aibhneacha, corraíonn tú na huiscí le do spága, salaíonn tú na sruthanna.
I dtaca liomsa de, áfach ofrálfaidh mé íobairt duit mar aon le caintic bhuíochais; agus comhlíonfaidh mé na móideanna a thug mé. Is don Tiarna is dleacht an fhuascailt a dhéanamh.”