Chuir Dia i bhfirmimint neimhe iad le taitneamh ar an talamh,
Cuirim mo bhogha sna néalta i gcomhartha an Chonartha idir mise agus an talamh.
Ar thug tú ordú don mhaidin riamh i do shaol? Ar thaispeáin tú a háit d'fháinne an lae?
Do stiúrthóir an chóir. Ar an “gittith”. Salm Dháiví.
as béal naíonán agus leanaí cíche. Bhunaigh tú daingean in aghaidh d'eascairde d'fhonn naimhde agus ceannaircigh a chloí.
“Is mar seo a deir an Tiarna: ‘Dá bhféadfá mo chonradh lae a bhriseadh agus mo chonradh oíche ionas nach mbeadh lá ná oíche ina n‑am féin,
Is mar seo a deir an Tiarna: ‘Murar chruthaigh mise lá agus oíche agus murar reachtaigh mé ordú neimhe agus talún,
Mar sin é an t‑ordú atá faighte ón Tiarna againn: ‘Tá tú ceaptha agam le bheith i do sholas do na náisiúin, ionas go mbeidh tú i d'ábhar slánaithe go himeall an domhain.’ ”