Agus thug Dia “tír” ar an talamh tirim, agus “farraigí” ar na huiscí le chéile. Chonaic Dia gur mhaith sin.
Chonaic Dia gur mhaith é an solas, agus scar Dia an solas ón dorchadas.
Go maire glóir an Tiarna go brách! go raibh lúcháir ar an Tiarna faoina ndearna sé!
an té a rinne neamh agus talamh, an fharraige, agus gach a bhfuil iontu. An té a sheasann lena bhriathar de shíor;
Cruinníonn sé tonnta na mara mar a bheadh i mbuidéal, agus cuireann an dubhaigéan i dtaisce.
Is leis an fharraige, óir is é a chruthaigh í; agus is iad a lámha a dhealbhaigh an talamh tirim.
“Eabhrach is ea mé,” an freagra a thug sé orthu, “agus is é an Tiarna, rí na bhflaitheas, an té a rinne an fharraige agus an talamh tirim, a adhraim.”
Eisean an Charraig, níl locht ar a shaothar, mar is fíréan iad a bhealaí go léir. Dia dílis é gan éagoir; eisean an Chóir féin agus an Ceart.