Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Galataigh 4:4

An Bíobla Naofa 1981

Ach nuair a tháinig iomláine na haimsire, sheol Dia uaidh a mhac, a rugadh ó bhean agus é faoi smacht an dlí,

Féach an chaibidil Cóip

44 Tagairtí Cros  

Cuirfidh mé naimhdeas idir tú agus an bhean, idir do shíolsa agus a síolsa. Brúfaidh sé do cheann agus brúfaidh tusa a sháil.”

Ní scarfaidh an ríshlat ó Iúdá ná más an cheannais ó idir a chosa, go dtaga an té ar leis é, dá dtabharfaidh na ciníocha géillsine.

Gabhaigí i leith chugam go gcloise sibh an méid seo: “Ón tús níor labhair mé libh faoi choim, agus ón am a tharla seo tá mise ann.” - “Agus anois tá an Tiarna Dia tar éis mé a chur uaidh, mar aon lena spiorad.”

Is é an Tiarna féin mar sin a thabharfaidh comhartha daoibh. Seo, tá an ógbhean ag iompar agus ar tí mac a shaolú, agus tabharfaidh sí Ímeánuéil mar ainm air.

Cá fada a bheidh tú go stadach, a iníon mhídhílis? Óir tá ní nua á chruthú ag an Tiarna ar talamh: Rachaidh an Bhean arís ar lorg a Fir Chéile.”

agus abair é seo leis: Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: Seo fear darb ainm ‘An Beangán’; eascróidh sé mar a bhfuil sé agus tógfaidh sé Teampall an Tiarna.

“Féach! Tá mo theachtaire á chur amach agam chun an bóthar a réiteach romham; agus an Tiarna atá á lorg agaibh, rachaidh sé isteach ina Theampall go tobann; agus aingeal an chonartha, a bhfuil sibh ag tnúth leis, tá sé ag teacht, a deir Tiarna na Slua.

Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca, chun gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar bhur son.

“Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac agus tabharfar Imeánuéil mar ainm air,” - ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn.

Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Lig dó anois: is mar seo is cuí dúinn an fhíréantacht a chur i gcrích go hiomlán.” Lig sé dó ansin.

“Ná bígí ag ceapadh gur chun an dlí agus na fáithe a chur ar ceal a tháinig mé. Ní á gcur ar ceal a tháinig mé ach á gcur i gcrích.

agus ag rá: “Tá an tréimhse caite agus tá ríocht Dé in achmaireacht. Déanaigí aithrí agus creidigí sa soiscéal.”

Agus féach, gabhfaidh tú gin agus béarfaidh tú mac agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air.

Agus dúirt an t‑aingeal á freagairt: “Tuirlingeoidh an Spiorad Naomh ort, agus beidh cumhacht an té is airde ina scáil anuas ort, agus sin é an fáth a mbeidh an leanbh naofa; glaofar Mac Dé air.

agus rug sí a céadghin mic, agus chuir i gcrios ceangail é, agus shín i mainséar é, de bhrí nach raibh slí dóibh san ósta.

“Dá bhrí sin, glaonn Dáiví Tiarna air, agus cad a bheir ina mhac dó é?”

Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc, agus chonacamar-na a ghlóir, a ghlóir mar Aonghin ón Athair, lán de ghrásta agus d'fhírinne.

an té a naomhaigh an tAthair, agus a chuir sé uaidh sa saol, an ndeir sibhse leis: ‘Sin diamhasla agat!’ mar gur dhúirt mé: ‘Is mé Mac Dé’?

Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mic uaidh i dtreo, gach duine a chreideann ann, nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shioraí aige.

Óir tháinig mé anuas ó neamh ní chun go ndéanfainn mo thoil féin ach toil an té a chuir uaidh mé.

Dúirt Íosa leo: “Dá mba é Dia bhur nAthair, bheadh grá agaibh domsa. Óir is ó Dhia a ghluais mé agus a tháinig mé; mar ní uaim féin a tháinig mé, ach chuir seisean uaidh mé.

Ach d'fhreagair sé iad: “Ní aon chuid de bhur ngnósa é eolas a fháil ar na hamanna na ar na tráthanna atá leagtha amach ag an Athair as a údarás féin.

is faoina Mhac féin é, ár dTiarna Íosa Críost. Rugadh eisean sa mhéid gur duine é de shliocht Dháiví:

Is é atáim a rá gur ar son fírinne Dé a tháinig Críost ag freastal ar lucht an timpeallghearrtha chun na gealltanais a tugadh do na patrarcaí a dhaingniú

Nuair a bhíomar fós lag, fuair Críost bás i dtráth ar son drochdhaoine.

An ní nárbh fhéidir don dlí a dhéanamh mar gur fhág an cholainn gan feidhm é, rinne Dia é i dtaobh an pheaca nuair a sheol sé uaidh a Mhac féin i riocht colainne an pheaca, agus gur thug sé daorbhreith ar an bpeaca sa cholainn

is leo na patrarcaí, agus is díobh an Críost de réir na colainne - an té atá ina Dhia ar an uile ní, moladh go deo leis. Amen.

nuair a bheadh an t‑ionú tagtha - mar atá, an beartas gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh a thabhairt le chéile faoi cheannas Chríost.

agus an banna scríofa úd a bhí inár gcoinne lena chuid forálacha chuir sé ar ceal é agus ghlan as an tslí é á thairneáil ar an gcrois.

a thug suas é féin in éiric orthu uile; sin í an fhianaise a tugadh ina mhithidí féin;

Agus gan aon agó, is mór í rúndiamhair ár gcreidimh: An té a thaispeáin é féin dúinn i gcolainn dhaonna, sheas an Spiorad a cheart dó, chonacthas é do na haingil, fógraíodh é do na ciníocha, chreid an saol mór ann agus tógadh in airde i nglóir é.

Dá bhrí sin, ós rud é go bhfuil nádúr daonna ag an gclann go léir, ghlac seisean an nádúr céanna sin. Rinne sé é sin chun an té a bhfuil an bás faoina cheannas, is é sin, an diabhal, a scriosadh trína bhás féin,

Óir baineann siad le cúrsaí bia agus dí agus le níocháin éagsúla. Níl iontu ach deasghnátha foirimeallacha atá i bhfeidhm go dtí lá an leasaithe amháin.

Agus chonaiceamar agus tugaimid fianaise gur sheol an tAthair uaidh a Mhac, Slánaitheoir an tsaoil.

Mar seo a aithnítear an spiorad ó Dhia: gach spiorad a admhaíonn gur tháinig Íosa Críost i gcolainn dhaonna, is ó Dhia dó.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí