Is é a mheasaim a rá, a bhráithre: fad a bhíonn an t‑oidhre mionaoiseach, ní bhíonn difríocht ar bith idir é agus an daor, siúd is gur leis an t‑eastát ar fad,
Thug Iahóideá mac an rí amach ansin, chuir sé an choróin agus [na muincí] air, agus d'ung ina rí é. Ansin bhuail siad a mbosa agus chuir gáir suas: “Go maire an rí!”
Ach faoi mar a tharla an uair úd go mbíodh an mac a rugadh go nádúrtha ag géarleanúint an mhic a rugadh faoi luí an Spioraid, is é an dála céanna inniu é.
An té a chreideann i Mac Dé tá an teastas sin aige ina chroí istigh; an té nach gcreideann i nDia, bréagnaíonn é mar nach gcreideann sé an teastas a thug Dia ar a Mhac féin.