Ach má thréigeann an fíréan a fhíréantacht, agus olc a dhéanamh, agus imeachtaí gránna an drochdhuine a bheith ar siúl aige, an mairfidh sé? Ní bheidh aon trácht ar an bhfíréantacht a chleacht sé; de bhrí gur fheall sé agus gur pheacaigh sé, gheobhaidh sé bás.
Tá aon cheist amháin agam oraibh: an de bharr an dlí a chomhlíonadh a fuair sibh an Spiorad, nó de chionn gur chreid sibh an teachtaireacht a chuala sibh?
Is amhlaidh a cuireadh both suas, an chéad chuid den sanctóir. Istigh inti bhí an coinnleoir agus an bord agus builíní na fianaise. Tugtar an Áit Naofa ar an áit sin.