Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Galataigh 2:3

An Bíobla Naofa 1981

Ach fiú amháin Títeas a bhí le mo chois, ar a shon gur Ghréagach é, níor cuireadh iallach air a thimpeallghearradh

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Is clos dúinn go ndeachaigh daoine áirithe dár muintirne amach chugaibh agus go ndearna siad sibh a bhuaireamh agus bhur n‑aigne a shuaitheadh lena gcuid teagaisc agus gan aon údarás acu uainne.

agus ba mhaith le Pól go rachadh sé lena chois. Thóg sé é dá bhrí sin agus rinne sé é a thimpeallghearradh ar mhaithe leis na Giúdaigh a mhair sna críocha sin, mar bhí a fhios acu go léir gur Gréagach a athair.

mar sin féin ní raibh aon suaimhneas ar m'anam nuair nach bhfuair mé mo bhráthair Títeas ann romham. D'fhág mé slán acu dá bhrí sin agus d'imigh liom go dtí an Mhacadóin.

Faoi chionn ceithre bliana déag chuaigh mé suas go Iarúsailéim arís, mé féin agus Barnabas, agus thug Títeas liom chomh maith.

Mar thit Déamas i ngrá leis an saol seo, thréig sé mé agus d'imigh leis go Teasaloinicé. D'imigh Créiscéas go Galait agus Títeas go Dalmait.

Guím grásta agus síocháin ó Dhia an tAthair agus ónár Slánaitheoir Críost Íosa ar Thíteas, mo mhac dílis sa chreideamh atá i bpáirt againn.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí