Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Galataigh 2:2

An Bíobla Naofa 1981

Foilsiú ó Dhia faoi deara dom dul ann; agus i gcomhairle phríobháideach leis na cinn urra chuir mé faoina mbráid an dea-scéal mar a bhím á fhógairt i measc na ngintlithe. Rinne mé amhlaidh le heagla go mba saothar in aisce dom an cúrsa a bhí tugtha agam agus a bhí á thabhairt agam go fóill.

Féach an chaibidil Cóip

26 Tagairtí Cros  

Truaillíonn cuileoga marbha soitheach d'ola chumhra; mar an gcéanna is láidre beagán baoise ná eagna agus onóir.

“Táim do bhur gcur uaim ar nós caorach i measc faolchúnna; dá bhrí sin, bígí chomh géarchúiseach leis an nathair nimhe agus chomh macánta leis an gcolm.

D'fhan an slua go léir ina dtost, agus d'éist siad le Barnabas agus le Pól ag cur síos ar na míorúiltí agus ar na héachtaí a bhí déanta tríothu ag Dia i measc na bpágánach.

Bhí aighneas agus argóint fhada ag Pól agus ag Barnabas leo, agus shocraigh siad go rachadh Pól agus Barnabas agus roinnt eile acu go Iarúsailéim chun dul i gcomhairle leis na haspail agus leis na seanóirí faoin gceist seo.

Agus nuair a tháinig siad go Iarúsailéim, chuir an Eaglais agus na haspail agus na seanóirí fáilte rompu, agus d'eachtraigh siadsan dóibh a mhéid a bhí déanta ag Dia tríothu.

Oíche amháin labhair an Tiarna le Pól in aisling: “Ná bíodh aon eagla ort,” ar sé. “Lean ort ag seanmóireacht agus ná cuirtear tú i do thost,

An oíche dár gcionn sheas an Tiarna láimh leis agus dúirt: “Bíodh misneach agat. Faoi mar atá fianaise tugtha agat orm anseo in Iarúsailéim, ní mór duit fianaise a thabhairt ar an gcaoi chéanna sa Róimh freisin.”

Ach d'éirigh duine acu ina sheasamh sa tsainidrín, Fairisíneach darbh ainm Gamailíéil, máistir dlí a raibh meas ag an bpobal go léir air, agus d'iarr sé na fir a chur taobh amuigh den doras ar feadh tamaill.

Ní rud é, mar sin, atá ag brath ar thoil an duine ná ar a chuid iarrachtaí ach ar thrócaire Dé.

ach níl againne á fhógairt ach Críost a céasadh. Col a ghlacann na Giúdaigh leis sin agus is díth céille é dar leis na gintlithe;

Shocraigh mé i m'aigne fad a bheinn in bhur measc gan aon ní eile a aithint ach Íosa Críost agus eisean arna chéasadh.

Iad siúd a bhíonn ag rás i gcomórtas nach bhfuil a fhios agaibh go ritheann siad go léir, ach nach mbeireann ach an t‑aon duine amháin acu an chraobh leis. Rithigíse ar shlí go mbainfidh sibh an chraobh thar barr amach.

I dtaca liom féin, nuair a rithimse rás ní chun seachráin é; nuair a bhím ag dornáil ní mar bheinn ag bualadh an aeir é.

Sea, is éigean dom maíomh a dhéanamh, cé nach aon tairbhe dom é, agus tráchtfaidh mé anois ar aislingí agus ar fhoilsithe an Tiarna.

Ní ó dhuine a fuair mise é ná ó mhúinteoir ar bith, ach trí fhoilsiú ó Íosa Críost.

nuair ba dheoin leis siúd a Mhac a fhoilsiú dom chun go gcraobhscaoilfinn a dhea-scéal i measc na ngintlithe, ní dheachaigh mé i gcomhairle le daonnaí ar bith

Is ionadh liom a thapúla atá sibh ag tréigean an té a ghlaoigh oraibh i ngrásta Chríost agus ag iompú ar dhea-scéal eile.

Ach i dtaca leis na daoine measúla orthu - is cuma liomsa a chéimiúla a bhí siad mar ní fhéachann Dia ar phearsa seachas a chéile - ach níor chuir na cinn urra seo aon dualgas breise ormsa,

Agus nuair a d'aithníodar an grásta a bhí bronnta orm, thug na crainn taca sin, Séamas agus Céafas agus Eoin, deaslámh na páirte dom féin agus do Bharnabas, ar chuntar go rachaimisne chuig na gintlithe agus iad féin chuig na Giúdaigh.

Bhí sibh ag dul chun cinn go hálainn. Cé a chuir bac oraibh géilleadh don fhírinne?

mar go bhfuil scéal na beatha le tairiscint agaibh dóibh. Dá chionn beidh sé le maíomh agamsa lá Chríost nach in aisce a thug mé mo chúrsa agus nach in aisce a rinne mé saothar.

Cuirigí fíorchaoin fáilte roimhe sa Tiarna dá bhrí sin, agus bíodh meas agaibh ar a leithéid 30 mar is ar mhaithe le gnó an Tiarna a chuaigh sé i mbaol an bháis agus chuir a bheo i bhfiontar ag tabhairt na cabhrach domsa a bhí thar bhur gcumas-sa a thabhairt.

Sin é an fáth nár fhéad mé é a sheasamh a thuilleadh agus ar chuir mé teachtaire ag triall oraibh ag cur tuairisc bhur gcreidimh ar eagla go mbeadh an cathaitheoir tar éis an cathú a chur oraibh agus go mbeadh ár saothar in aisce againn.

Tá an comhrac maith tugtha agam, tá mo rás rite, tá an creideamh coinnithe agam.

Ar an ábhar sin, ós rud é go bhfuil slua chomh mór sin d'fhinnéithe thart timpeall orainn mar scamall, caithimis uainn gach ualach mar aon leis an bpeaca sin a ghreamaíonn dínn agus rithimis go buanseasmhach an rás atá leagtha amach dúinn.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí