Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Galataigh 1:22

An Bíobla Naofa 1981

Ní raibh aithne súl fós ag eaglais Chríost in Iúdáia orm;

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Mar sin bhí síocháin ag an Eaglais ar fud Iúdáia go léir agus na Gailíle agus na Samáire. Lean sí á tógáil féin agus ag dul chun cinn faoi eagla an Tiarna agus ag dul i méid le cabhair an Spioraid Naoimh.

Beannaígí don Chríostaí tofa úd, Apallaes, agus do theaghlach Airiostobúlas.

Beannaígí do mo chomhoibrithe in Íosa Críost, do Phriosca agus d'Acula,

Beannaígí d'Andronacas agus do Iúinias, comhthírigh agus comhchimí liom féin, a bhfuil iomrá orthu i measc na n‑aspal agus a bhí i gCríost romhamsa.

Beannaígí d'Urbán ár gcomhoibrí i seirbhís Chríost, agus do mo chara ionúin Stáchas.

Eisean a bheir daoibhse bheith in Íosa Críost an té a ndearna Dia eagna de dúinne, agus fíréantacht agus naofacht agus fuascailt.

Taobh amuigh de sin, leanadh gach duine den saol a bhí ceaptha ag an Tiarna dó, mar a bhí aige nuair a fuair sé an glao ó Dhia. Sin é an riail a leagaimse síos sna heaglaisí uile.

Pól agus Tiomóid, seirbhísigh Íosa Críost, ag beannú don phobal naofa uile i bhFilipí atá aontaithe le hÍosa Críost, agus dá gcuid uachtarán agus cúntóirí.

Pól agus Silveánas agus Tiomóid ag beannú d'eaglais na dTeasalónach, i nDia an tAthair agus sa Tiarna Íosa Críost. Grásta chugaibh agus síocháin.

Tá sibhse, a bhráithre, ag leanúint lorg eaglaisí Dé atá in Íosa Críost ar fud Iúdáia; mar tá an íde chéanna faighte agaibhse ó bhur gcomhthírigh agus a fuair siadsan ó na Giúdaigh,

Pól agus Silveánas agus Tiomóid ag beannú d'eaglais na dTeasalónach i nDia ár nAthair agus sa Tiarna Íosa Críost.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí