Cé atáim ag iarraidh a mhealladh chugam anois, daoine nó Dia? An daoine a shásamh is mian liom? Dá mba daoine a bhí mé ag iarraidh a shásamh, ní i mo sclábha ag Críost a bheinn.
agus chuir siad a ndeisceabail féin chuige mar aon leis na Héaródaigh chun a rá leis: “A Mháistir, tá a fhios againn gur fear fírinneach thú agus go múineann tú slí Dé san fhírinne gan beann agat ar dhuine ar bith, agus gan féachain do phearsa seachas a chéile.
“Ní féidir do dhuine ar bith dhá mháistir a riaradh; óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamhshuime den duine eile. Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t‑airgead.
Ag an am seo bhí colg ar Héaród le muintir na Tuíre agus na Síodóine, ach tháinig an dá mhuintir le chéile ar thoscaireacht chuige. Tar éis dóibh Blastas, maor teallaigh an rí, a thabhairt ar a dtaobh, d'iarr siad síocháin ar an rí de bhrí gur ón dúiche ríoga a tháinig lón bia a dtíre féin.
Ní hea, ach is é is fíorGhiúdach ann an té atá ina Ghiúdach ina chroí istigh; agus is é is fíorthimpeallghearradh ann, timpeallghearradh an chroí nach sa litir ach sa spiorad atá. Ní ó dhaoine ach ó Dhia a fhaigheann a leithéid siúd moladh.
An é atá á cheapadh agaibh ar feadh an ama gur ag seasamh ár gcirt libh a bhíomar? Ní hea sin! Is i bhfianaise Dé atáim ag labhairt agus i gCríost. Ní raibh d'aidhm againn tríd síos, a chlann ó, ach sibhse a thógáil.
Pól agus Tiomóid, seirbhísigh Íosa Críost, ag beannú don phobal naofa uile i bhFilipí atá aontaithe le hÍosa Críost, agus dá gcuid uachtarán agus cúntóirí.
A dhaora, bígí umhal i ngach ní do bhur máistrí daonna. Ná bígí ag súilseirbhís ar nós lucht na lútála, ach ag obair le dea-chroí, le hurraim don Tiarna.
ach de bhrí gurbh fhiú le Dia sinn a dhea-scéal a chur inár gcúram, craolaimid é dá réir, ní d'fhonn daoine a shásamh ach d'fhonn Dia a shásamh, mar is eisean a phromhann ár n‑intinn.
A striapacha, nach bhfuil a fhios agaibh gur cuma cairdeas an tsaoil seo nó eascairdeas Dé? Dá bhrí sin an té ar mian leis a bheith ina chara ag an saol seo, déanann sé namhaid Dé de féin.
Tharla duine de shearbhóntaí Shóil a bheith ansiúd an lá sin, é coinnithe i láthair an Tiarna; Doéig an tEadómach a ba ainm dó agus ba é ceannaire tréadairí Shóil é.