Agus le linn dom bheith i dTeasaloinicé, chuir sibh riar mo cháis chugam, agus ní aon uair amháin é ach faoi dhó.
Thaistil siad Aimfipioil agus Apollóinia agus tháinig go Teasaloinicé, áit a raibh sionagóg leis na Giúdaigh.
Bhí fonn orainn teacht chugaibh - ba mhian liomsa, Pól, teacht chugaibh arís agus arís eile - ach choisc Sátan orainn é.
Is cuimhin libh, a bhráithre, an saothar agus an sclábhaíocht a rinneamar; mar a bhímis ag obair de lá is d'oíche ar eagla go mbeimis inár muirín ar dhuine ar bith agaibh le linn dúinn dea-scéal Dé a chraobhscaoileadh daoibh.
Foghlaimíodh ár muintir nach mór dóibh bheith i mbun dea-oibreacha chun riar a gcáis a sholáthar agus gan bheith neamhthorthúil.