Thug Iacób móid ansin á rá: “Má bhíonn Dia liom agus mé a choimeád slán ar an turas seo ar a dtriallaim, agus bia le hithe a thabhairt dom, agus éadach le caitheamh,
D'fhiafraigh saighdiúirí de, freisin: “Agus cad tá le déanamh againne?” Agus dúirt sé leo: “Gan éigean a dhéanamh ar dhuine ar bith, ná dearbhú éithigh; agus sibh a bheith sásta le bhur bpá.”
Tá ainm an bhróin orainn agus sinn i gcónaí lúcháireach; tá ainm an bhochtanais orainn agus sinn ag saibhriú na sluaite; tá ainm an dealúis orainn agus an uile ní inár seilbh againn.
Tá a fhios agaibh go maith an chomaoin a chuir ár dTiarna Íosa Críost oraibh: siúd is go raibh sé saibhir rinne sé bochtán de féin ar mhaithe libhse, d'fhonn is go ndéanfaí daoine saibhre díbh trína bhochtaineachtsan.
Tá ar chumas Dé gach tabhartas a bhronnadh go fairsing oraibh, i dtreo go mbeadh lán bhur ndóthain agaibh den uile shórt i gcónaí agus fuílleach i gcomhair gach dea-chúise,
Agus ní hé sin amháin é ach áirím gur caillteanas gach uile ní le hais an bhua thar barr atá faighte agam: aithne a chur ar Íosa Críost, mo Thiarna. Ar mhaithe leis sin ligeas an t‑iomlán ar ceal, agus tuigtear dom nach raibh ann ach truflais, le go ndéanfainn Críost a ghnóthú
Ghlac sibh trua do phríosúnaigh agus nuair a tógadh bhur maoin shaolta uaibh go héagórach chuir sibh suas leis go háthasach mar bhí a fhios agaibh go raibh maoin níos fearr agus níos buaine fós agaibh.