Filipigh 4:1An Bíobla Naofa 1981Dá bhrí sin, a bhráithre ionúine na pairte, ós sibhse m'aoibhneas agus mo chuid den saol, seasaigí go daingean sa Tiarna, a chairde cléibh. Féach an chaibidil |
Ní mór daoibh, áfach, bhur saol a thabhairt go fiúntach de réir dea-scéal Chríost. Sa tslí sin, cibé acu a thagaim do bhur bhfeiceáil nó a bheidh mé i bhfad uaibh, beidh sé le clos agam in bhur dtaobh go bhfuil sibh ag seasamh an fhóid san aon spiorad agus ag troid gualainn ar ghualainn d'aontoil ar son chreideamh an dea-scéil,