siúd is go bhféadfainnse bheith teann as an gcolainn chomh maith le cách. Go deimhin cibé duine eile atá teann as an gcolainn, is mó ná sin an bun atá agamsa le bheith amhlaidh:
Bígí aireach, dá bhrí sin, conas a chluineann sibh; óir an té a mbíonn aige, tabharfar dó, agus an té nach mbíonn aige, bainfear de fiú an ní a shíleann sé a bheith aige.”
As seo amach dá bhrí sin ní dhéanaimid neach ar bith a mheas do réir caighdeáin shaolta. Más ea féin go ndearnamar Críost a mheas de réir an chaighdeáin sin tráth, ní dhéanaimid amhlaidh a thuilleadh.