Is againne atá an fíorthimpeallghearradh mar is faoi anáil an Spioraid a adhraímid Dia agus is as Íosa Críost atá ár maíomh in ionad dul i muinín na colainne,
Timpeallghearraigí sibh féin don Tiarna, bainigí díbh forchraiceann bhur gcroí, (a fheara Iúdá, agus a áitritheoirí Iarúsailéim), ar fhaitíos go léimfeadh m'fhearg amach ar nós tine, agus go loscfadh agus nach bhféadfadh aon duine í a mhúchadh, mar gheall ar olc bhur ngníomhartha.
An Éigipt, Iúdá, Clann Amón, Móáb agus na Bearracháin uile a chónaíonn san fhásach. Óir tá na ciníocha seo uile, agus fós teach Iosrael go hiomlán, gan timpeallghearradh sa chroí.”
Óir, ó éirí go luí na gréine is mór é m'ainm i measc na náisiún agus i ngach áit dóitear íobairt do m'ainm - toirbhirt ghlan; mar is mór é m'ainm i measc na náisiún, a deir Tiarna na Slua.
Mar, an Dia a mbím ag seirbhís dó ó m'anam i ndea-scéal a Mhic, tá sé ina fhinné agam air go mbím ag cuimhneamh oraibh gan staonadh i m'urnaithe i gcónaí,
Anois, áfach, ó tá bás faighte againn ó thaobh an ní úd a bhí dár gcoinneáil i ngéibheann, táimid fuascailte ón dlí chun seirbhís a dhéanamh faoi chóras nua an spioraid in ionad faoi sheanchóras an chóid scríofa.
Agus bígí ag guí le hurnaí agus le himpí gach uair faoi luí an Spioraid. Fanaigí in bhur ndúiseacht chuige sin ag guí go buanseasmhach ar na naoimh uile.
Déanfaidh an Tiarna do Dhia timpeallghearradh ar do chroí agus ar chroí do shleachta i dtreo go dtabharfaidh tú grá don Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán agus go mbeadh an bheatha agat.
Pól agus Tiomóid, seirbhísigh Íosa Críost, ag beannú don phobal naofa uile i bhFilipí atá aontaithe le hÍosa Críost, agus dá gcuid uachtarán agus cúntóirí.
Ní hé go bhfuil mo chuspóir bainte amach agam go fóill ná go bhfuilim tagtha chun foirfeachta go fóill; ach leanaim orm ag iarraidh an duais a bhreith liom mar go bhfuil beirthe orm féin ag Íosa Críost.
Is ann freisin a timpeallghearradh sibhse ach ní leis an timpeallghearradh a rinneadh le láimh an duine é ach le timpeallghearradh Chríost, trínar baineadh an nádúr collaí anuas díbh.