Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Filipigh 3:16

An Bíobla Naofa 1981

Cibé scéal é leanaimis den bhóthar atá gafa againn go dtí seo.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Bígí báúil le cách agus in ionad a bheith ardnósach déanaigí caidreamh leis na daoine ísle. Ná héirigí teann as bhur gcuid gaoise féin.

Go dtuga Dia na foighne agus an tsóláis daoibhse a bheith báúil le chéile de réir mheon Chríost Íosa

Bhí sibh ag dul chun cinn go hálainn. Cé a chuir bac oraibh géilleadh don fhírinne?

Síocháin agus trócaire ar an uile dhuine a leanann an prionsabal seo agus ar Iosrael Dé.

Ní mór daoibh, áfach, bhur saol a thabhairt go fiúntach de réir dea-scéal Chríost. Sa tslí sin, cibé acu a thagaim do bhur bhfeiceáil nó a bheidh mé i bhfad uaibh, beidh sé le clos agam in bhur dtaobh go bhfuil sibh ag seasamh an fhóid san aon spiorad agus ag troid gualainn ar ghualainn d'aontoil ar son chreideamh an dea-scéil,

cuirigí barr ar mo chuid áthais trí bheith ar aon aigne le chéile, ar aon ghrá, ar aon toil agus ar aon aigne.

Impím ar Euoidia agus ar Shinticé teacht chun muintearais le chéile sa Tiarna;

Mar sin de, ós rud é go bhfuil glactha agaibh le Íosa Críost mar Thiarna, tugaigí bhur saol i bpáirt leis.

Bígí ag guí gan staonadh; bígí ag faire lena linn agus ag gabháil buíochais le Dia.

Cuimhnigh más ea cad a ghlac tú agus a chuala tú, agus coinnigh do ghreim agus déan aithrí. Mura ndúisí tú, tiocfaidh mé mar ghadaí agus ní bheidh a fhios agat cén uair a thiocfaidh mé ort.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí