Seo é mo ghiolla a bhfuil mé ag tabhairt taca dó, mo rogha a bhfuil páirt mo chléibhe leis. Tá mo spiorad curtha anuas agam air chun go bhfoilsí sé an ceart do na ciníocha.
“Tar éis saothar a anama, feicfidh sé an solas agus beidh sásamh air. Lena phianta déanfaidh mo ghiolla fíréin de na sluaite, á luchtú féin le hualach a gcionta.
Éist, mar sin, a Iósua, a ardsagairt - tú féin agus do chompánaigh atá ina suí os do chomhair - óir, is fir dhea-thuair sibh. Is amhlaidh atáimse chun tabhairt ar mo sheirbhíseach, an Beangán, teacht.
Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón; tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim. Féach, tá do rí ag teacht chugat, é go caithréimeach slán, agus go ceansa, agus ag marcaíocht ar asal, ar bhromaichín, ar shearrach asail.
díreach faoi mar nár tháinig Mac an Duine chun go mbeifí ag freastal air ach chun go ndéanfadh sé féin freastal agus a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.”
Dúirt sé leo: “Tagann Éilias ar dtús gan amhras chun an uile ní a chur ina cheart arís. Agus conas atá sé scríofa i dtaobh Mhac an Duine nach foláir dó mórán a fhulaingt agus bheith faoi dhrochmheas?
Cé acu is mó dáiríre, an té a bhíonn ag bord nó an té a bhíonn ag freastal? Nach é an té a bhíonn ag bord? Ach táimse in bhur measc ar nós an té a bhíonn ag freastal.
Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc, agus chonacamar-na a ghlóir, a ghlóir mar Aonghin ón Athair, lán de ghrásta agus d'fhírinne.
Is é atáim a rá gur ar son fírinne Dé a tháinig Críost ag freastal ar lucht an timpeallghearrtha chun na gealltanais a tugadh do na patrarcaí a dhaingniú
An ní nárbh fhéidir don dlí a dhéanamh mar gur fhág an cholainn gan feidhm é, rinne Dia é i dtaobh an pheaca nuair a sheol sé uaidh a Mhac féin i riocht colainne an pheaca, agus gur thug sé daorbhreith ar an bpeaca sa cholainn
Is fíor gur céasadh ar an gcrois é le barr laige ach tá sé beo anois le cumhacht Dé. Is é an dála céanna againne é: táimidne lag ann ach beimid beo mar aon leis trí chumhacht Dé chun freastal oraibhse.
Tá a fhios agaibh go maith an chomaoin a chuir ár dTiarna Íosa Críost oraibh: siúd is go raibh sé saibhir rinne sé bochtán de féin ar mhaithe libhse, d'fhonn is go ndéanfaí daoine saibhre díbh trína bhochtaineachtsan.
Bímis ag féachaint romhainn amach ar Íosa, ar cheannródaí ár gcreidimh, a thabharfaidh chun foirfeachta é. Ar son an aoibhnis a bhí leagtha amach dó d'fhulaing sé céasadh na croise mar rinne sé neamhní den mhasla sin, agus tá sé ina shuí anois ar an taobh deas de ríchathaoir Dé.
Cuimhnígí ar na daoine atá i bpríosún amhail is dá mbeadh sibh féin i bpríosún leo. Cuimhnígí freisin ar na daoine atá ag fulaingt drochíde mar tá sibhse féin ar an aiste chéanna leo.
Ní amhlaidh atá ardsagart againn nach féidir dó tuiscint a bheith aige dár laigí ach ceann a triaileadh i ngach slí cosúil linn féin ach nach ndearna peaca riamh.