Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Filipigh 2:4

An Bíobla Naofa 1981

Ná bíodh aon duine agaibh ag cuimhneamh ar a leas féin amháin ach ar leas na gcomharsana chomh maith.

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Dúirt Maois le clann Ghád agus clann Reúbaen: “Tá bhur mbráithre ag dul chun cogaidh - an bhfuil sibh sásta fanacht mar a bhfuil sibh?

Ach má thugann aon duine scannal do dhuine ar bith de na rudaí beaga seo a chreideann ionamsa, b'fhearr dó go gcrochfaí bró mhuilinn faoina mhuineál agus é a bhá i nduibheagán na farraige.

Bígí lúcháireach le lucht na lúcháire agus dobrónach le lucht an dobróin.

Sinne atá láidir ní mór dúinn cur suas le laigí na bhfann agus gan bheith ar mhaithe linn féin

Ná bíodh aon duine ar mhaithe leis féin ach ar mhaithe lena chomharsa.

Cé bhaintear dá threoir nach mbímse scólta mar gheall air?

Le heagla go mbeifí ag lochtú ár gcuid seirbhíse, ní chuirimid ceap tuisle sa bhealach ar aon duine,

Mar is iad a gcúrsaí féin agus ní hiad cúrsaí Íosa Críost is cás leis an gcuid eile ar fad.

Má chomhlíonann sibh an dlí ríoga de réir an scrioptúir: “Gráigh do chomharsa mar thú féin,” ansin más ea, tá sibh ag déanamh go maith.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí