Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Filipigh 2:28

An Bíobla Naofa 1981

Is móide dá chionn sin an fonn atá orm é a chur ar ais chugaibh mar go mbeidh áthas oraibhse é a fheiceáil agus go laghdóidh sin mo bhuairtse.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Agus dúirt Iosrael le Iósaef: “Ní raibh aon súil agam go bhfeicfinn do ghnúis arís, ach seo é Dia á dheonú dom do chlann a fheiceáil chomh maith.”

Agus sibhse mar an gcéanna, tá buairt oraibh anois, ach feicfidh mé arís sibh, agus beidh bhur gcroí ag déanamh áthais, agus ní bhainfidh duine ar bith bhur n‑áthas díbh.

Is é rud a chuir an chumha ar fad orthu, an focal úd a dúirt sé nach bhfeicfidís a ghnúis ní ba mhó. Agus rinne siad é a thionlacan chun na loinge.

Sin é go díreach an rud a scríobh mé chugaibh i dtreo, nuair a thiocfainn, nach brón a gheobhainn ó na daoine dar dual áthas a chur orm, mar bhí mé cinnte fúibh go léir go mba chúis áthais daoibhse áthas a bheith ormsa.

Cuirigí fíorchaoin fáilte roimhe sa Tiarna dá bhrí sin, agus bíodh meas agaibh ar a leithéid 30 mar is ar mhaithe le gnó an Tiarna a chuaigh sé i mbaol an bháis agus chuir a bheo i bhfiontar ag tabhairt na cabhrach domsa a bhí thar bhur gcumas-sa a thabhairt.

Agus nuair a chuimhním ar na deora a shil tú is fada liom go bhfeicfidh mé thú go líonfaí mo chroí le háthas.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí