Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Filipigh 2:16

An Bíobla Naofa 1981

mar go bhfuil scéal na beatha le tairiscint agaibh dóibh. Dá chionn beidh sé le maíomh agamsa lá Chríost nach in aisce a thug mé mo chúrsa agus nach in aisce a rinne mé saothar.

Féach an chaibidil Cóip

24 Tagairtí Cros  

go ndéanfainn do thoilse. A Dhia, is áil liom do dhlí i ndiamhair mo chroí.”

Thug tú teagasc dom ó m'óige, a Dhia, agus bhíos ag fógairt do mhóréachtaí go dtí seo.

Agus bhí mise á rá liom féin: “Tá mo shaothar in aisce agam, tá mo neart caite agam gan éifeacht.” Ach bhí mo cheart le fáil agam i bhfochair mo Thiarna, agus mo chúiteamh i bhfochair mo Dhé.

An rud a deirim libh sa dorchadas, abraigí i solas an lae é, agus an cogar a chuirtear in bhur gcluais, fógraígí é ó bharr na dtithe.

Deirim libh, gach aon duine a ghlacfaidh liomsa os comhair daoine, glacfaidh Mac an Duine leis sin chomh maith os comhair aingeal Dé;

Is é an spiorad a dhéanann beoú, ní dhéanann an fheoil aon tairbhe. Na focail atá ráite agam libh, is spiorad agus is beatha iad.

D'fhreagair Síomón Peadar é: “A Thiarna, cé chuige a rachamaid? Is agatsa atá briathra na beatha síoraí,

A bhráithre liom, a shliocht Abrahám agus a mhuintir in bhur measc a bhfuil ómós agaibh do Dhia, is chugainne a cuireadh an teachtaireacht shlánaitheach seo.

Coimeádfaidh seisean daingean sibh go deireadh na dála, gan cháim lá ár dTiarna Íosa Críost.

I dtaca liom féin, nuair a rithimse rás ní chun seachráin é; nuair a bhím ag dornáil ní mar bheinn ag bualadh an aeir é.

Agus tá súil agam go dtuigfidh sibh go hiomlán ar ball an ní a thuigeann sibh go pointe áirithe anois, is é sin, go bhféadfaidh sibh bheith chomh mórálach céanna asainn lá an Tiarna Íosa agus a bheimidne asaibhse.

Foilsiú ó Dhia faoi deara dom dul ann; agus i gcomhairle phríobháideach leis na cinn urra chuir mé faoina mbráid an dea-scéal mar a bhím á fhógairt i measc na ngintlithe. Rinne mé amhlaidh le heagla go mba saothar in aisce dom an cúrsa a bhí tugtha agam agus a bhí á thabhairt agam go fóill.

Is eagal liom gur in aisce a chaith mé dua libh!

sa tslí go mba rogha libh na nithe is fearr agus go mbeidh sibh glan gan locht i gcomhair lá Chríost

Agus táim cinnte den mhéid seo: an té a thosaigh an dea-obair in bhur measc go leanfaidh sé á chur i gcrích go dtí lá Íosa Críost.

Tar éis an tsaoil, cén t‑ábhar dóchais agus áthais atá againn ach sibhse? Cén chraobh a bheidh againn le maíomh aisti os comhair an Tiarna Íosa Críost, nuair a thiocfaidh sé, ach sibhse?

Sin é an fáth nár fhéad mé é a sheasamh a thuilleadh agus ar chuir mé teachtaire ag triall oraibh ag cur tuairisc bhur gcreidimh ar eagla go mbeadh an cathaitheoir tar éis an cathú a chur oraibh agus go mbeadh ár saothar in aisce againn.

Óir, tá briathar Dé beoúil bríomhar; is géire é ná aon chlaíomh dhá bhéal; téann sé isteach idir anam agus spiorad, idir smior agus smúsach agus tugann sé breith ar chlaonta agus ar smaointe an chroí.

Ní ó aon síol sothruaillithe a gineadh as an nua sibh, ach ó shíol dothruaillithe trí bhriathar Dé bheo shíoraí.

An ní a bhí ó thús, an ní a chualamar, an ní a chonaiceamar lenár súile féin, an ní ar leagamar súil air agus lámh, mar atá, Briathar na beatha -

Deir an Spiorad agus an nuachair: “Tar.” Agus an té a chloiseann, abradh sé: “Tar.” Agus an té a bhfuil tart air tagadh sé; agus an té a bhfuil dúil aige ann, bíodh uisce na beatha in aisce aige.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí