Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Filipigh 1:9

An Bíobla Naofa 1981

Is é mo ghuí go rachaidh bhur ngrá dá chéile i méid agus i méid le barr eolais agus tuisceana,

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Cloíonn an fíréan lena bhealaí, Agus tagann breis nirt chun an té atá glan ó chroí.

Múin dom eagna agus eolas; tá mo dhóchas i d'aitheanta.

Tá bealach na bhfíréan mar an láchan, agus a solas ag dul i ngile go hard an lae.

A bhráithre, ná bígí leanbaí in bhur meon; sea, bígí ar nós an linbh ó thaobh na hurchóide, ach bígí fásta suas ó thaobh an mheoin de.

Agus ós rud é go bhfuil flúirse den uile shórt agaibh, flúirse den chreideamh, den líofacht, den eolas, den uile dhíograis agus den ghrá a d'fhoghlaim sibh uainne, bígí flaithiúil sa charthanacht seo chomh maith.

Ná bíodh aon mhearbhall oraibh, dá bhrí sin, ach tuigigí go cruinn cad is toil don Tiarna.

Sin é an fáth, ón lá a chualamar an scéal, nár stadamar ach ag guí oraibh, á iarraidh go líonfaí sibh d'eolas ar a thoil le barr eagna agus tuisceana spioradálta,

agus nádúr nua curtha umaibh - nádúr a bhíonn á shíornuachan ar dheilbh an té a chruthaigh é go dtí go mbeidh fíoraithne agaibh air.

Agus go ndéana an Tiarna bhur ngrá dá chéile agus do chách eile a mhéadú go fras nó go mbeidh sé ar aon chéim leis an ngrá atá againne daoibh.

Rud eile de, a bhráithre, fuair sibh le fios uainne - conas ba chóir daoibh bhur saol a thabhairt chun Dia a shásamh agus tá sibh ag déanamh amhlaidh cheana. Táim á iarraidh d'achainí anois oraibh in ainm an Tiarna Íosa, déanamh níos fearr fós.

Tá sé d'fhiacha orainn bheith ag gabháil buíochais gan stad le Dia mar gheall oraibh, a bhráithre, agus níl ann ach an ceart, mar tá bhur gcreideamh ag fás thar na bearta agus bhur ngrá dá chéile, gach duine agaibh, ag dul i méid.

Is é mo ghuí go gcuirfidh an creideamh atá i bpáirt againn ar do chumas duit gach maith atá againn i gCríost a thuiscint.

Is do dhaoine fásta amháin an bia scamhardach, is é sin, do dhaoine a bhfuil a n‑aigne oilte acu le teann taithí chun an mhaith a aithint thar an olc.

Rinne sibh bhur n‑anam a íonghlanadh trí umhlú don fhírinne le haghaidh grá gan cur i gcéill do na bráithre; tugaigí grá díograiseach dá chéile, más ea, ó chroí glan.

Ach ina ionad sin, leanaigí ar aghaidh ag bisiú i ngrásta agus in eolas ár dTiarna agus ar Slánaitheora Íosa Críost. Glóir dósan anois agus go lá na síoraíochta. Amen.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí