Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Filipigh 1:7

An Bíobla Naofa 1981

Is maith is ceart dom an aigne seo a bheith agam in bhur dtaobh go léir, de bhrí go bhfuil sibh i gcochall mo chroí agam agus a rá go bhfuil sibh go léir rannpháirteach sa ghrásta a bhronn Dia orm, cibé acu a bhím i gcuibhreacha nó ag cosaint agus ag daingniú an dea-scéil.

Féach an chaibidil Cóip

34 Tagairtí Cros  

ach amháin go bhfuil an Spiorad Naomh á dhearbhú dom in gach cathair dá dtéim gur géibheann agus piolóidí atá ann i mo chomhair.

Chuaigh an ceannasaí suas chuige agus ghabh é agus d'ordaigh é a cheangal le dhá shlabhra. D'fhiafraigh sé ansin cérbh é agus cad a bhí déanta aige.

Bíonn sé lán d'fhadfhulaingt, lán de chreideamh, lán de dhóchas agus lán d'fhoighne.

Is ar mhaithe leis an dea-scéal a dhéanaim gach ní ionas go mbeinn i bpáirt ann.

Is sibhse ár litir chreidiúnais agus í scríofa ar ár gcroí agus í le haithint agus le léamh ag cách uile.

Ní á chasadh libh atáim, mar tá ráite agam cheana libh go bhfuil sibh i gcochall mo chroí agam chun bás nó beatha a fháil liom ann.

Mar in Íosa Críost is cuma an timpeallghearradh ann nó as, ach an creideamh a oibríonn trí ghrá.

Sin é an fáth a bhfuilimse, Pól, agus mé i mo ghéibheannach ag Críost Íosa mar gheall oraibhse, gintlithe -

Táim ag impí oraibh, dá bhrí sin, agus mé i mo ghéibheannach ag an Tiarna, bhur saol a thabhairt go cuí de réir na gairme atá faighte agaibh

an dea-scéal a bhfuilimse i mo thoscaire air agus mé faoi ghlas féin; guígí go ndéanfaidh mé é a fhógairt chomh dána agus is cóir.

Ba mhaith liom é seo a chur in iúl daoibh, a bhráithre: an cor atá ormsa gurb amhlaidh a chuidigh sé leis an dea-scéal a chur chun cinn

mar gur follas don gharda praetóireach ar fad agus do chách eile gur ar son Chríost atáimse i ngéibheann.

Rud eile de, chuir mo chuibhreacha misneach sa Tiarna ar fhormhór mo bhráithre Críostaí i dtreo gur dána ná riamh iad ag fógairt an dea-scéil gan scáth gan eagla.

mar gheall ar an bpáirt a bhí agaibh sa dea-scéal ón gcéad lá riamh go dtí inniu.

Is eol daoibh féin a fheabhas a chruthaigh sé ag obair le mo thaobhsa ar son an dea-scéil, mar a bheadh mac ag fónamh dá athair.

Mar sin féin ba mhaith an mhaise daoibhse teacht i gcabhair orm i mo chruachás.

Tá a fhios agaibh féin, a mhuintir Fhilipí, nuair a d'fhág mé an Mhacadóin ag tosú ar an tsoiscéalaíocht, nach ndeachaigh aon eaglais i bpáirtíocht ná i gcomhar liom sa ghnó ach sibhse amháin.

agus iarraim ortsa, a pháirtí dhil, lámh chúnta a thabhairt dóibh mar gur sheas siad gualainn ar ghualainn liomsa ag cosaint an dea-scéil, mar aon le Cléimins agus leis na cúntóirí eile agam a bhfuil a n‑ainmneacha scríofa i leabhar na beatha.

Beannacht oraibh faoi mo láimh féin - Pól. Ná déanaigí dearmad ar mo shlabhraí. Grásta go raibh agaibh.

Agus déanaigí guí orainne chomh maith, a iarraidh ar Dhia bealach a réiteach dúinn chun a bhriathar a leathadh agus chun rúndiamhair Chríost a fhógairt. Ós é an rúndiamhair sin faoi deara dom bheith i ngéibheann,

Is clann an tsolais sibhse go huile, clann an lae. Ní leis an oíche ná leis an dorchacht sinn.

Ná bíodh aon náire ort, dá bhrí sin, fianaise a thabhairt ar ár dTiarna agus ná bíodh aon náire ort fúmsa atá i mo phríosúnach ar a shon. Ní hea, ach fulaingse cruatan liom ar son an dea-scéil as ucht an chumais atá faighte agat ó Dhia.

Is mar gheall ar an dea-scéal sin atáimse ag fulaingt anró agus mé fiú amháin i ngéibheann ar nós an choirpigh. Níl aon ghéibheann ar bhriathar Dé, áfach.

cé go mb'fhearr liom é a choimeád agam chun freastal orm thar do cheannsa, fad atáim i ngéibheann ar son an dea-scéil.

Ar an ábhar sin, a bhráithre naofa, atá pairteach i ngairm neamhaí, breathnaígí ar Íosa, aspal agus ardsagart ár gcreidimh.

Ach bíodh áthas oraibh sa mhéid go bhfuil sibh páirteach i bpáis Chríost, ionas go mbeadh áthas agus lúcháir oraibh freisin nuair a fhoilseofar a ghlóir.

Impím ar na seanóirí in bhur measc, agus is comhsheanóir libh mise agus finné ar pháis Chríost, agus táim páirteach libh sa ghlóir atá le foilsiú.

Is dóigh liom gur chóir dom, fad táim i mboth seo an choirp, a bheith do bhur múscailt le rabhadh,

Is eol dúinne gur aistríodh ón mbás go beatha sinne mar go dtugaimid grá do na bráithre.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí