Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Filipigh 1:6

An Bíobla Naofa 1981

Agus táim cinnte den mhéid seo: an té a thosaigh an dea-obair in bhur measc go leanfaidh sé á chur i gcrích go dtí lá Íosa Críost.

Féach an chaibidil Cóip

33 Tagairtí Cros  

Cuirfidh an Tiarna chun cinn a bhfuil tosaithe aige dom. Maireann do bhuanghrá go síoraí, a Thiarna; ná caith dímheas ar shaothar do lámh.

D'fhreagair Íosa: “Is í seo obair Dé,” ar sé leo, “go gcreidfeadh sibh sa té a chuir sé uaidh.”

Nuair a chuala siad an méid sin, d'éist siad agus thug glóir do Dhia á rá: “Thug Dia, más ea, aithrí chun na beatha do na Gintlithe chomh maith.”

Bhí bean ag éisteacht linn, mangaire corcra ó chathair Tíaitíora darbh ainm Lidia. Bean chráifeach ba ea í agus d'oscail an Tiarna a croí go dtabharfadh sí cluas dá raibh á rá ag Pól.

Coimeádfaidh seisean daingean sibh go deireadh na dála, gan cháim lá ár dTiarna Íosa Críost.

Bhí mé chomh cinnte de sin gur bheartaigh mé ar dtús dul chugaibh ar cuairt agus comaoin dhúbailte a chur oraibh

Sin é go díreach an rud a scríobh mé chugaibh i dtreo, nuair a thiocfainn, nach brón a gheobhainn ó na daoine dar dual áthas a chur orm, mar bhí mé cinnte fúibh go léir go mba chúis áthais daoibhse áthas a bheith ormsa.

Is cúis áthais domsa go dtig liom bheith lánmhuiníneach asaibh.

Mar dá dtagadh roinnt Macadónach le mo chois agus gan sibhse a bheith ullamh rompu, nach ormsa a bheadh an náire, gan trácht oraibh féin - tar éis dom bheith chomh teann sin asaibh?

Tá muinín agam asaibh sa Tiarna nach é a mhalairt de thuairim a bheidh agaibhse. An duine seo atá do bhur suaitheadh, cibé ar bith é féin, íocfaidh sé as a choir.

d'fhonn na naoimh a chur in oiriúint dá ndualgas, mar atá, corp Chríost a thógáil mar theach;

sa tslí go mba rogha libh na nithe is fearr agus go mbeidh sibh glan gan locht i gcomhair lá Chríost

Mar tá sé faighte de phribhléid agaibhse as ucht Chríost ní amháin creideamh a bheith agaibh ann ach fulaingt ar a shon chomh maith.

Dá bhrí sin, a mhuintir na páirte, faoi mar a rinne sibh rud orm i gcónaí agus mé in bhur measc, déanaigí rud anois orm níos mó ná riamh agus mé i bhfad uaibh, agus saothraígí bhur slánú faoi uamhan agus faoi eagla,

mar is é Dia atá ag spreagadh idir rún agus ghníomh ionaibh de réir a dhea-thola féin.

mar go bhfuil scéal na beatha le tairiscint agaibh dóibh. Dá chionn beidh sé le maíomh agamsa lá Chríost nach in aisce a thug mé mo chúrsa agus nach in aisce a rinne mé saothar.

Comhadhlacadh sibh in éineacht leis sa bhaisteadh agus chomhéirigh sibh ó mhairbh in éineacht leis chomh maith as ucht an chreidimh a bhí agaibh i gcumhacht Dé a thóg ó mhairbh é.

Cuimhnímid i láthair Dé, ár nAthair, ar a bhríomhaireacht atá bhur gcreideamh, ar a dhícheallaí atá bhur ngrá agus ar a sheasmhacht atá bhur ndóchas as ár dTiarna Íosa Críost.

Sin é an fáth nach stadaimid ach ag guí oraibh le hionchas go ndéanfadh ár nDia diongbháilte ar bhur ngairm sibh agus go dtabharfadh sé chun críche go héifeachtach gach fonn maitheasa atá oraibh agus gach dea-ghníomh dá spreagann an creideamh ionaibh.

Táimid cinnte de sa Tiarna go bhfuil sibh ag déanamh rud orainn cheana agus go leanfaidh sibh á dhéanamh.

Agus mé á scríobh seo táim cinnte go ndéanfaidh tú rud orm; ní hea, ach tá a fhios agam go ndéanfaidh tú thar mar a deirim.

Dá bhrí sin, ná cailligí bhur misneach; óir is mór é an luach saothair atá ag dul dó.

Bímis ag féachaint romhainn amach ar Íosa, ar cheannródaí ár gcreidimh, a thabharfaidh chun foirfeachta é. Ar son an aoibhnis a bhí leagtha amach dó d'fhulaing sé céasadh na croise mar rinne sé neamhní den mhasla sin, agus tá sé ina shuí anois ar an taobh deas de ríchathaoir Dé.

Ansin, Dia na ngrást uile a ghlaoigh oraibh chun a ghlóire féin i gCríost, nuair a bheidh an beagán fulaingthe agaibh, déanfaidh sé sibh a athnuachan, a dhaingniú, a neartú, agus bonn a chuir fúibh.

Tiocfaidh lá an Tiarna mar ghadaí, agus scriosfar na spéartha de ruathar toirní; déanfar na dúile a mhilleadh le tine, agus loscfar an domhan agus a bhfuil d'oibreacha ann.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí