Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Filipigh 1:23

An Bíobla Naofa 1981

Táim i gcás idir dhá chomhairle: tá fonn orm síothlú liom agus bheith fara Críost, mar ba é ba fhearr go mór.

Féach an chaibidil Cóip

24 Tagairtí Cros  

Dúirt Dáiví le Gád: “Is é rogha na ndíogha agam é! Ach is fearr go dtitimis i láimh an Tiarna, óir is mór é a thrócaire, agus gan mé a thitim i lámha daoine.”

Feicfidh mise, áfach, do aghaidh i bhfíréantacht, agus ag dúiseacht dom sásófar mé le radharc do ghnúise.

mar a ndéanfaidh an bás a n‑aoireacht agus mar a gcuirfear faoi smacht na bhfíréan iad. Imeoidh a dtaibhse ar maidin; san uaigh a bheidh a n‑áras acu feasta.

Tá baisteadh lena gcaithfear mé a bhaisteadh, agus cad é mar chúngrach atá orm nó go mbeidh sé curtha i gcrích!

Agus dúirt seisean leis: “Deirim leat go fírinneach, beidh tú in éineacht liom inniu i bparthas.”

An fear, áfach, a raibh na deamhain imithe as, bhí sé á iarraidh air é ligean ina chuideachta. Ach scaoil sé uaidh é, ag rá:

Má dhéanann aon duine friothálamh ormsa, leanadh sé mé, agus an áit ina mbímse, is ann a bheidh mo fhriothálaí chomh maith. Má dhéanann aon duine friothálamh ormsa, tabharfaidh m'Athair onóir dó.

Roimh fhéile na Cásca, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh a uair tagtha chun imeacht as an saol seo go dtí an tAthair, agus ó thug sé grá dá mhuintir féin a bhí ar an saol, thug sé grá thar na bearta dóibh feasta.

agus má théim agus áit a chur i gcóir daoibh, tiocfaidh mé arís agus tógfaidh mé sibh chugam féin; i dtreo, an áit ina mbeidh mise, go mbeidh sibhse chomh maith.

A Athair, an mhuintir a thug tú dom, is mian liom, an áit ina bhfuilimse, iadsan a bheith ann mar aon liom, ionas go bhfeicfidh siad mo ghlóir, an ghlóir a thug tú dom; mar gur thug tú grá dom roimh chruthú an domhain.

Fad a bhí siad á chlochadh bhí Stiofán ag glao os ard á rá: “A Thiarna Íosa, glac chugat m'anam.”

Mar sin féin táimid lán de mhisneach cé go mb'fhearr linn go mór an corp a bheith fágtha againn agus bheith inár gcónaí leis an Tiarna.

agus gan aon easpa slí ann daoibh. In bhur gcroí féin atá an chúngracht.

Ach is riachtanaí go bhfanfainn sa cholainn ar mhaithe libhse.

Tá a fhios agaibh féin, a bhráithre, nárbh aon turas in aistear ár gcuairt oraibh.

Agus tá cúis eile againn le bheith ag gabháil buíochais gan staonadh le Dia: de bhrí, nuair a ghlac sibh le briathar Dé a chuala sibh uainn, nach mar theachtaireacht dhaonna a ghlac sibh é ach mar bhriathar Dé, agus sin é go díreach an rud atá ann dáiríre, mar is é Dia atá ag obair ionaibhse a bhfuil an creideamh agaibh.

Ansin an méid a bheidh fágtha beo dínn, ardófar chun siúil sinn mar aon leo trí na néalta in airicis an Tiarna sa spéir, agus ar an gcuma sin beimid i dteannta an Tiarna go deo.

I dtaca liom féin de, táim do mo dhoirteadh amach cheana féin mar a bheadh deoch íobartha agus tá uair na scarúna buailte liom.

Ansin chuala an guth ó na flaithis á rá: “Scríobh: Is beannaithe na mairbh a fhaigheann bás sa Tiarna, as seo amach.” “Is beannaithe go deimhin,” a deir an Spiorad, “i dtreo go scuirfidh siad dá saothar mar tá a n‑oibreacha á leanúint.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí